An difríocht idir athruithe ar: "Lá Idirnáisiúnta na Máthairtheangacha (21 Feabhra)"

Content deleted Content added
Leathanach cruthaithe le 'mion Chuir na Náisiúin Aontaithe tús le '''Lá Idirnáisiúnta na Máthairtheangacha''' sa bhliain 2008...'
(No difference)

Leagan ó 11:55, 21 Feabhra 2021

Chuir na Náisiúin Aontaithe tús le Lá Idirnáisiúnta na Máthairtheangacha sa bhliain 2008 le héagsúlacht chultúrtha agus teangacha agus an t-ilteangachas a chur chun cinn. Roghnaíodh an 21 Feabhra in ómós na mac léinn a maraíodh agus iad ag agóidíocht ar son a dteanga dhúchais, Bangla, sa Bhanglaidéis sa bhliain 1952.[1]

Leagann Eagraíocht Oideachais, Eolaíochta agus Chultúir na Náisiún Aontaithe (UNESCO) béim faoi leith ar fhorbairt an oideachais ilteangaigh ar fud an domhain ar an lá seo.[2]

Cuimhneachán

Bítear ag súil go gcuirfear cainteoirí mionteangacha in aithne dá chéile ar fud an domhain le linn an fheachtais agus go n-ardófar feasacht ar theangacha atá i mbaol báis.

Imeachtaí

Ar cheann de himeachtaí is feiceálaí a bhíonn ar siúl ar Lá Idirnáisiúnta na Máthairtheangacha, tá an feachtas Twitter, Tweet Mother Language. Iarrtar ar chainteoirí mionteangacha giolcacha a chur amach sa teanga sin ar feadh an lae chun éagsúlacht chultúrtha agus teangacha timpeall an domhain a cheiliúradh.

 
Cuimhneachán, Grangemoor Park, Caerdydd

Gaeilge

Iarrtar ar dhaoine ar Twitter a bhfuil Gaeilge acu a fhógairt don saol mór cén fáth a gcreideann siad go bhfuil sé tábhachtach an Ghaeilge a úsáid ar líne agus na nathanna cainte, seanfhocail agus focail is fearr leo a ghiolcadh (moltar do Ghaelghiolcairí úsáid a bhaint as na haischlibeanna #MotherLanguage agus #Gaeilge).

Tagairtí

  1. Maitiú Ó Coimín (2015). "Lá Idirnáisiúnta na Máthairtheangacha: an sprioc ná 50,000 duine a ‘aimsiú’ le giolcacha Gaeilge" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-02-21.
  2. Maitiú Ó Coimín (2017). "Béim ar an oideachas ilteangach ar Lá Idirnáisiúnta na Máthairtheangacha" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-02-21.