Is éard is gramafón ann ná gaireas chun fuaim a atáirgeadh ó dhiosca, ar ar taifeadadh an fhuaim i bhfoirm claiseanna bíseacha, gearrtha ar dhromchla comhréidh an diosca. Castar an diosca ar chaschlár chun na claiseanna a cheistiú de réir a chéile le stíleas glacaire. Thaispeáin an t-aireagóir Meiriceánach Emile Berliner (1851-1929) an gaireas seo den chéad uair i 1888. De réir a chéile, tháinig sé in ionad an fhónagraif, le fuaim taifeadta ar shorcóirí céarach. Bhí na dioscaí i bhfad níos éasca le déanamh is le taifeadadh orthu ná na sorcóirí, agus d'fhéadfaidís i bhfad níos mó a thaifeadadh orthu.[1]

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Gramafón". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 329.