J. J. Ó Dúláinne

iománaí Éireannach

Imreoir iománaíochta cáiliúil as Baile Sheáin i gContae Chill Chainnigh, Poblacht na hÉireann é J. J. Ó Dúláinne. Tugtar J. J. Delaney air as Béarla agus rugadh ar 6 Márta 1982 é. Imríonn sé leis an gclub Na Fianna Bhaile Eoin i gContae Chill Chainnigh, agus leis an bhfoireann idirchontae Chill Chainnigh chomh maith. Bhuaigh sé an tríú gradam aige mar Shárimreoirí na Bliana sa bhliain 2006, cé go gortaíodh é sa chluiche ceannais i gCraobh Iomána Sinsearach na hÉireann 2006.

Infotaula de personaJ. J. Ó Dúláinne
Beathaisnéis
Breith6 Márta 1982
42 bliana d'aois
Baile Sheáin, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síInstitiúid Teicneolaíochta Phort Láirge Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmiománaí Cuir in eagar ar Wikidata
Spórtiomáint Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhréim
Grúpaí I P
Conair
  Foireann Comórtas
- Foireann Sinsir Iomána Chill Chainnigh Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas

Saol cuir in eagar

Rugadh Ó Dúláinne i mBaile Sheáin, sráidbhaile beag i gContae Chill Chainnigh, agus é ina mhac le Shem Ó Dúláinne, iománaí. Tá iománaithe eile sa teaghlach freisin - a uncailí Liam Mac Giolla Phádraig agus Pádraig Ó Dúláinne. Thosaigh JJ ag imirt leis an gclub Na Fianna, agus roghnaíodh é don fhoireann idirchontae sa bhliain 2001. Ba mhór an bhaint a bhí aige leis an rath a bhí ar an bhfoireann, agus anois tá trí bhonn buaite aige i gCraobh na hÉireann, cúig bhonn i gCraobh Laighean, ceithre bhonn sa tSraith Náisiúnta agus trí ghradam mar Shárimreoir Iománaíochta na Bliana. Chomh maith leis sin, bhuaigh sé duais Imreoir na Bliana sa bhliain 2003.

Bhí séasúr rathúil eile aige i gCraobh na hÉireann sa bhliain 2006, ach gortaíodh é agus é ag traenáil i Mí Lúnasa. Dá bhrí sin ní raibh sé ábalta a bheith páirteach sa chluiche ceannais nuair a bhuaigh na Cait ar Chorcaigh.

Tagairtí cuir in eagar

Cill Chainnigh - Curaidh Iomána na hÉireann 2006 - 29ú corn
1 S. Mac Fhearaigh | 2 M. Caomhánach | 3 N. Ó hÍcí | 4 S. Tirial (capt.) | 5 S. Ó Raghaill | 6 S. Tennyson | 7 T. Breathnach | 8 S. Mac Giolla Phádraig | 9 D. Ó Loinn | 10 R. de Paor | 11 A. Ó Sibhleáin | 12 E. Ó Lorcáin | 13 É. Ó Braonáin | 14 M. Mac Cumascaigh | 15 A. Ó Fógartaigh | Fir ionaid L. Ó Dubhuir | R. Ó Maolalaidh | Bainisteoir: B. Mac Óda
Cill Chainnigh - Curaidh Iomána na hÉireann 2007 - 30ú corn
1 P. S. Ó Riain | 2 M. Caomhánach | 3 N. Ó hÍcí | 4 S. Tirial | 5 T. Breathnach | 6 Brian Ó hÓgáin | 7 S. S. Ó Dúláinne | 8 D. Ó Loinn | 9 S. Mac Giolla Phádraig | 10 É. Ó Braonáin | 11 A. Ó Sibhleáin (capt.) | 12 E. Ó Lorcáin | 13 L. Ó Duibhir | 14 M. Mac Cumascaigh | 15 A. Ó Fógartaigh | Fir ionaid: S. Tennyson | M. Ó Fionnalaigh | R. de Paor | Bainisteoir: B. Mac Óda
Cill Chainnigh - Curaidh Iomána na hÉireann 2008 - 31ú corn
1 P. S. Ó Riain | 2 M. Caomhánach | 3 N. Ó hÍcí | 4 S. Tirial | 5 T. Breathnach | 6 Brian Ó hÓgáin | 7 S. S. Ó Dúláinne | 8 S. Mac Giolla Phádraig (capt.) | 9 D. Ó Loinn | 10 M. Mac Cumascaigh | 11 R. de Paor | 12 E. Ó Lorcáin | 13 É. Ó Braonáin | 14 A. Ó Sibhleáin | 15 A. Ó Fógartaigh | Fir ionaid 16 S. Mac Fhearaigh | 28 T. S. Ó Maoildeirg | Bainisteoir: B. Mac Óda
Cill Chainnigh - Curaidh Iomána na hÉireann 2009 - 32ú corn
1 P. S. Ó Riain | 2 M. Caomhánach | 3 S. S. Ó Dúláinne | 4 S. Tirial | 5 T. Breathnach | 6 B. Ó hÓgáin | 7 S. Tennyson | 8 D. Ó Loinn | 9 M. Rís | 10 R. Ó hÓgáin | 11 A. Ó Sibhleáin | 12 E. Ó Lorcáin | 13 É. Ó Braonáin | 14 R. de Paor | 15 A. Ó Fógartaigh | Fir ionaid 21 M. Ó Fionnalaigh (capt.) | 22 M. Mac Cumascaigh | 27 T. S. Ó Maoildeirg | Bainisteoir: B. Mac Óda