Baineann Siomptóim éirí as (nó Drug Withdrawal) do dhuine andúileach nuair nach mbíonn an t-ábhar a bhfuil sé tugtha dó ar fáil aige.

Andrew Litten. 2016.

Ina measc bíonn masmas, urlacan, crampaí goile, imní, ruaigeanna anbhá, pamparnaí, tinnis cinn, mearaí, allas, creathanna, fiú trithí.

Chun na siomptóim seo a sheachaint, úsáidtear drugaí nach bhfuil chomh láidir leis na drugaí a bhfuil sé tugtha dóibh, le riachtanais na colainne a shásamh. De réir a chéile laghdaítear dáileog na ndrugaí seo, agus faoi dheireadh, tarraingítear siar go hiomlán iad.

Chun go n-éireoidh leis an bpróiseas seo, ní mór go mbeidh an t-andúileach toilteanach spreagtha tacaithe, agus go leanfaidh sé leis go buan.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Siomtóim éirí as". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 601.