Cathair agus ionad riaracháin i gContae Kronoberg, i Småland, i ndeisceart na Sualainne is ea Växjö (ˈvɛkːˈɧøː). Sa bhliain 2010, bhí cónaí ar 60,887 duine féin agus 79,562 i mórcheantar Växjö. Ionad tionsclaíochta agus suíomh eaglasta atá ann. Tá Ollscoil Linnaeus suite ann. Ar na daoine cáiliúla arbh as Växjö iad tá Carolus Linnaeus, Pär Lagerkvist agus Jonas Jonasson.

Radharc ar Växjö, locha thart timpeall air