Spencer Perceval

Ba pholaiteoir agus Phríomh-Aire na Ríochta Aontaithe é Spencer Perceval (1 Samhain 176211 Bealtaine 1812), an t-aon duine amháin a feallmharaíodh le linn dó a bheith ina Phríomh-Aire ar an Ríocht Aontaithe (agus an t-aon Ard-Aighne no Aturnae Ginearálta a bhí ina Phríomh-Aire ina dhiaidh sin).[1]

Spencer Perceval
Spencer Perceval (1762–1812).jpg
Ball de 17ú Parlaimint na Breataine Móire


District: Northampton (en) Aistrigh
Ball de 2ú Parlaimint na Ríochta Aontaithe


District: Northampton (en) Aistrigh
Ball de Chomhairle Dhlíthiúil na Ríochta Aontaithe


Ball de 1ú Pharlaimint na Ríochta Aontaithe


District: Northampton (en) Aistrigh
Ball de 3ú Parlaimint na Ríochta Aontaithe


District: Northampton (en) Aistrigh
Ball de 4ú Parlaimint na Ríochta Aontaithe


District: Northampton (en) Aistrigh
Ball den 18ú Parlaimint na Breataine Móire


District: Northampton (en) Aistrigh
Ard-Aturnae Shasana agus na Breataine Bige

1801 - 1802
William Grant (en) Aistrigh - Thomas Manners-Sutton, 1st Baron Manners (en) Aistrigh
Ard-Aighne Shasana agus na Breataine Bige

Aibreán 15, 1802 - Feabhra 12, 1806
Edward Law, 1st Baron Ellenborough (en) Aistrigh - Arthur Piggott (en) Aistrigh
Seansailéir Diúcacht Lancaster

1807 - 1812
Seansailéir Diúcacht Lancaster

1807 - 1812
Edward Smith-Stanley, 12th Earl of Derby (en) Aistrigh - Robert Hobart, 4th Earl of Buckinghamshire (en) Aistrigh
Seansailéir an Státchiste

Márta 26, 1807 - Bealtaine 11, 1812
Henry Petty-Fitzmaurice, 3rd Marquess of Lansdowne (en) Aistrigh - Nicholas Vansittart, 1st Baron Bexley (en) Aistrigh
Ceannaire Theach na dTeachtaí

Aibreán 1807 - Bealtaine 11, 1812
Charles Grey, 2nd Earl Grey - Robert Stewart, Bíocunta an Chaisleáin Riabhaigh
Céad Tiarna an Státchiste

Deireadh Fómhair 4, 1809 - Bealtaine 11, 1812
William Cavendish-Bentinck, 3rd Duke of Portland - Robert Jenkinson, 2nd Earl of Liverpool
Príomh-Aire na Ríochta Aontaithe

Deireadh Fómhair 4, 1809 - Bealtaine 11, 1812
William Cavendish-Bentinck, 3rd Duke of Portland - Robert Jenkinson, 2nd Earl of Liverpool
Saol
Eolas breithe Mayfair, Samhain 1, 1762
Náisiúntacht Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus na hÉireann
Teanga dhúchais Béarla na Breataine
Bás Westminster, Bealtaine 11, 1812
Áit adhlactha St Luke's Church (en) Aistrigh
Cúis bháis dúnmharú (tráma balaistíoch)
Killed by (P157) John Bellingham
Muintir
Athair John Perceval, 2nd Earl of Egmont
Máthair Catherine Compton, Baroness Arden
Céile/Céilí Jane Wilson (en) Aistrigh  (Lúnasa 10, 1790 -
Páistí
Siblíní
Oideachas
Alma mater Choláiste na Tríonóide
Harrow School (en) Aistrigh
Teangacha An Béarla
Gairm
Gairm polaiteoir agus dlíodóir
Áit oibre Londain
Creideamh
Reiligiúin Anglacánachas
Páirtithe polaitíochta Páirtí na dTóraithe
Spencer Perceval Signature.svg

SaolCuir in Eagar

Ba é an seachtú mac é ag piara de chuid na hÉireann, John Perceval, an dara Iarla Egmont. Bhí sé ina dhalta de chuid Scoil Harrow agus ina mhac léinn de chuid Choláiste na Trionóide, Cambridge.

Tar éis dó dul isteach in Ósta Lincoln, glaodh chun an Bharra air sa bhliain 1786. Tríd an lucht aitheantais a bhí ag a dhaoine muinteartha, fuair sé roinnt post beag agus mionteagaisc de chuid na Coróine agus d'fhorbair sé cleachtadh láidir mar abhcóide. Dhiúltaigh sé do phost Phríomh-Rúnaí na hÉireann sa bhliain 1795 toisc nach raibh sé ar a acmhainn an phost a ghlacadh (ag am a bháis d'fhág sé baintreach agus naonúr páistí faoi bhun ocht mbliana déag d'aois). Glaodh chun an Bharra Laistigh ar Perceval sa bhliain 1796 agus lean sé ar aghaidh mar abhcóide agus ó ina fheisire chomh maith, mar ba ghnách ag an am.

 
Spencer Perceval

PolaitíochtCuir in Eagar

Toghadh Perceval mar dhuine de na teachtaí parlaiminte le haghaidh Northampton i bhfothoghchán sa bhliain 1796. Lean sé ar aghaidh mar sin go dtí go bhfuair sé bás; níor sheas éinne ina aghaidh ach uair amháin. Tacaí dílis de chuid Pitt Óg ab ea é (cé go raibh drogall air an lipéad "Tóraí" a ghlacadh) agus bhain sé dea-cháil amach go tapa mar fhear mór díospóireachta.

Bhí sé ina Aturnae Ginearálta idir 1801 agus 1802 agus ina Ard-Aighne idir 1802 agus 1806, nuair a ceapadh rialtas nua tar éis bhás Pitt. Bhí sé ina Sheansailéir ar an Státchiste agus ina Sheansailéir ar Dhiúcacht Lancaster ó 1807 go 1812 agus ina Phríomh-Aire ag an am céanna ó 1809 go 1812.

Níor fhág Perceval oidhreacht pholaitiúil mhór, cé go raibh meas air mar gheall ar a bhrí agus a fhuinnimh agus ar an méid a rinne sé de ghrá an dualgais agus ar an gcumas a thaispeáin sé agus é ag treorú an chuid is mó de bhearta na rialtais trí Theach na dTeachtaí go pearsanta. Mar a dúirt Henry Grattan, níor long chomhraic a bhí ann, ach d'iompar sé a lán gunnaí, bhí sé uisce-obach agus é amuigh i ngach cineál aimsire.

ÉireCuir in Eagar

Ó ba rud é gur Anglacánach soiscéalach é, agus buinneán de chuid na Cinsealachta chomh maith, bhí Perceval go diongbháilte in éadan Fhuascailt na gCaitliceach, fiú nuair a ghlac a mheantóir Pitt leis an smaoineamh sin.

FeallmharúCuir in Eagar

Feallmharaíodh Spencer Perceval ar an 11 Bealtaine 1812. Lámhaigh fear gnó, John Bellingham, é. Bhí Bellingham míshásta faoi rialtas na Breataine ar bhonn pearsanta. Faoi cheann seachtaine a triaileadh agus crochadh Bellingham.[2]

Is cosúil go raibh Bellingham as a mheabhair ach crochadh é ina ainneoin sin. Ansin dioscadh corp Bellingham ina bpíosaí beaga (mar ba ghnáth ag an am, chun taighde leighis a dhéanamh agus b'fhéidir chun cosc a chur air dul chun na bhFlaitheas). Sa chás seo, choinnigh na máinlianna croí Bellingham beo ar feadh ceithre huaire i ndiaidh a chrochadh, éacht nach beag ag an am. Tá blaosc Bellingham ar taispeáint inniu in Ollscoil Queen Mary, Londain.[3]

TagairtíCuir in Eagar

  1. UCD School of Law (2020-05-11). "Spencer Perceval" (ga). www.facebook.com. Dáta rochtana: 2020-05-11.
  2. Miles Goslett (2012-05-01). "Blood in the House of Commons! Two hundred years on, the shocking story of Spencer Perceval, the only British PM to have been assassinated". Mail Online. Dáta rochtana: 2020-05-11.
  3. Ollscoil Queen Mary - Pathology Museum. "Bellingham's Skull". www.qmul.ac.uk. Dáta rochtana: 2020-05-11.



Príomh-Airí na Ríochta Aontaithe

Walpole | Wilmington | Pelham | Newcastle | Devonshire | Newcastle | Bute | Grenville | Rockingham | Chatham | Grafton | North | Rockingham | Shelburne | Portland | Pitt the Younger | Sidmouth | Pitt the Younger | Grenville | Portland | Perceval | Liverpool | Canning | Goderich | Wellington | Grey | Melbourne | Peel | Melbourne | Peel | Russell | Derby | Aberdeen | Palmerston | Derby | Palmerston | Russell | Derby | Disraeli | Gladstone | Disraeli | Gladstone | Salisbury | Gladstone | Salisbury | Gladstone | Rosebery | Salisbury | Balfour | Campbell-Bannerman | Asquith | Lloyd George | Bonar Law | Baldwin | MacDonald | Baldwin | MacDonald | Baldwin | Chamberlain | Churchill | Attlee | Churchill | Eden | Macmillan | Douglas-Home | Wilson | Heath | Wilson | Callaghan | Thatcher | Major | Blair | Brown | Cameron | May | Johnson