Spreagadh leictreach na néaróg fochraicneach
Bealach chun pian a mhaolú, pian áitiúil go háirithe. Cuirtear leictreoidí dromchlacha ar an gcraiceann, agus ritear sruth leictreach bíogtha le minicíocht íseal trí na fíocháin mar a bhfuil an phian. Uaireanta, leagtar na leictreoidí ar phointí snáthaidphollta ar leith. Meastar go bhfeidhmíonn an modh oibre seo ar aon dul le snáthaidpholladh. Úsáidtear é ar anailgéise cnáimhseachais, agus le pian iarobráide a mhaolú.[1]
Tagairtí cuir in eagar
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Spreagadh leictreach na néaróg fochraicneach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 620.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |