I veirteabraigh, tugtar sreabhán ceirbreadhromlaigh (nó sreabhán ceirbrispíonach) ar shreabhán soiléir, gan dath gan phróitéiní, a imshruthaíonn i méadailíní na hinchinne, canáil lárnach chorda an dromlaigh, agus an spás fo-aracnóideach. Tugtar CSF air i mBéarla. Timpeallaíonn sé an inchinn is corda an dromlaigh, agus soláthraíonn tacaíocht mheicniúil is cothaithigh dóibh. I ndaoine, bailítear CSF uaireanta (trí pholladh lumbach) le hanailísiú i gcomhair diagnóise. Má bhíonn farasbarr CSF timpeall inchinn an fhéatais is an naíonáin (trí rótháirgeadh nó bac sa chóras imshruthaithe) tarlaíonn hidriceifileas muna ndéantar é a dhraenáil amach.[1]
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir.
Is síolanatamaíochta é an t-alt seo.Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.