Sruthanna guairneáin
Is éard atá i gceist le sruthanna guairneáin (Eddy current) ná sruthanna leictreacha a ionduchtaítear i seoltóir toirtiúil ag réimsí athraitheacha maighnéadacha mórthimpeall air, nó ag gluaisne an tseoltóra féin i réimse maighnéadach.
Is de bharr ionduchtaithe leictreamaighnéadaigh iad. Is cailliúint fuinnimh, agus mar sin mí-éifeacht, an téamh sa chroíleacán i dtrasfhoirmeoirí is mótair leictreacha de bharr na sruthanna seo, agus déantar na croíleacáin seo a lannú chun an chailliúint a laghdú.[1]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Hussey, Matt (2011). "Sruthanna guairneáin". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 623.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |