Staighre creasa

staighre ag gluaiseacht

Staighre inghluaiste a iompraíonn daoine is earraí ó leibhéal amháin go leibhéal eile i siopaí ilranna, aerfoirt, stáisiúin traenach is eile. Thug Jesse W. Reno isteach é i gConey Island sna Stáit Aontaithe i 1892. Bíonn na céimeanna suite ar chrios leanúnach, ag luí go cothrománach ag an mbun is an barr chun gur féidir le daoine dul air is teacht amach as, agus lámhráille inghluaiste air. Gluaiseann sé ag uillinn 30° ar luas suas le 35 m sa nóiméad. Téann na céimeanna trí chíor ag an mbun is an barr chun rudaí a bhaint uathu. Tugtar taistealach ar fhánán inghluaiste, crios leanúnach gan na céimeanna a bhíonn sa staighre creasa.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Staighre creasa". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 623.