Is é is brí le stair na Sairdíne ná an t-eolas atá ar fáil sna foinsí liteartha faoi shaol na Sairdíne fadó agus faoi na himeachtaí a chuir cor i gcinniúint a muintire.

Tharros - Baile Féiníceach

Cuid de phoblacht na hIodáile is ea an tSairdín ach tá stair agus cultúr dá cuid féin aici.

Seo iad réanna stair an oileáin:

  • Réamhstair -> 1000 R.Ch.
  • Seanstair 1000 R.Ch. -> 456 AD
  • Stair mheánaoiseach 456 AD -> 1500
  • Stair nua-aoiseach 1500 -> inniu

Ré na nuraghe cuir in eagar

 
Galláin - Pranu Muttedu na Sairdíne

Téann stair an oileáin siar go dtí an ré Neoiliteach. Tá iarsmaí ó chultúr ar leith a bhfuil lorg de le fáil sa tSairdín amháin, cultúr na nuraghe. Tá sé sin le feiceáil inniu i bhfoirm na dtúr cloiche arda atá ar fáil ar fud an oileáin. Níl mórán eolais cruinn againn faoi chultúr na nuraghe mar níor fhág siad aon taifead scríofa ina ndiaidh agus tá teoiricí difriúla ag na seandálaithe faoi na daoine a mhair ann. Ba 'thír an óir' í le linn 4000 bliain an ré Neoilitigh an tSairdín. Ba chrosbhóthar i lár na Meánmhara í an t-oileán go dtí ré na Rómhánach. Thagadh na chéad gaibhne go dtí an t-oileán agus iad ar a mbealach go dtí na mianaigh stáin Francacha. Tháinig na chéad Féinicigh go dtí an tSairdín timpeall na bliana 1000 R.Ch. Ba mháistrí loingseoireachta iad, ó chathracha sa Liobáin an lae inniu. Labhair siad Féinicis, teanga Seimiteach ar nós na hEabhraise, agus chruthaigh siad an chéad aibítir. Thóg siad ionaid ar na cóstaí agus chuaigh siad i mbun trádála leis na treibheanna áitiúla sna nuraghi.

Ghlac cathair Chartaige seilbh ar an Sairdín i 509 R.Ch. agus lean a smacht ar an oileán ar feadh beagnach trí chéad bliain go teacht na Rómhánach.

Ré na Rómhánach cuir in eagar

Ghlac na Rómhánaigh seilbh ar an Sairdín i 238 R.Ch. agus bhí siad i gceannas ann ar feadh 700 bliain. Níor chuir siad an t-oileán go léir faoi chois riamh áfach agus d'fhan áiteanna sléibhtiúla ar nós an Gennargentu sna Barbagie saor ó thionchar na Róimhe.

Stair mheánaoiseach cuir in eagar

Ar a slí ar ais ó ruathar ar Lazio ar leithinis na hIodáile i 456 AD ghlac na Vandail seilbh ar Caralis (Cagliari an lae inniu) agus cathracha eile ar chóstaí na Sairdíne. Faoin am sin bhí Impireacht na Róimhe ar an dé deiridh. Beagnach céad bliain ina dhiaidh sin, i 534, bhuaigh trúpaí Impire an Oirthir, Giustiniano, ar na Vandail i Tricamari, 30 km ó Chartaig i dtuaisceart na hAfraice, agus rinneadh cúige Biosántach den tSairdín. Roinneadh an t-oileán i gcúigí darb ainm merèie, le ceannaire faoin ainm judex a bhí i Caralis, le arm a bhí lonnaithe i Forum Traiani (Fordongianus an lae innu, suite in oirthear an oileáin) faoi cheannas dux. Chuaigh an Chríostaíocht agus tionchar an mhanachúlachais i bhfeidhm faoi na Biosántaigh, seachas sna Barbagie, áit ina raibh ríocht neamhspleách ag deireadh an séú haois lena traidisiúin reiligiúnacha agus tuata féin.

Idir 640 agus 732 ghlac na hÁrabaigh seilbh ar thuaisceart na hAfraice, an Spáinn agus ar chuid den bhFrainc. I 827 thosaigh siad ag ionsaí na Sicile. Fágadh an tSairdín ina h-aonar agus bhí uirthi í féin a chosaint. Mar sin, d'éirigh an judex provinciae ina cheannaire aonair le cumhachtaí míleata agus tuata. Mar gheall ar na ruathair leanúnacha ó na Beirbeirigh Ioslamacha ar an cóstaí, a thosaigh i 710 agus a d'éirigh ní ba mhinicí le himeacht aimsire, thréig an pobal na bailte cois mara.

Faoi Choróin na hAragóine cuir in eagar

Ghlac arm Pheadar III na Catalóine (Pere el Cerimoniós as Catalóinis) seilbh ar L'Alguer i Lúnasa 1353. D'éirigh muintir na cathrach amach i gcoinne na gCatalónach ar an 22 Meitheamh 1354 is chuir arm Pheadair léig ar an gcathair. Ar deireadh na dála shínigh Peadar conradh le Maria d'Arborea, a bhí ag tabhairt cúnamh do chosantóirí na cathrach, agus ghlac Peadar seilbh ar an gcathair arís. Thosaigh stair Chatalónach na cathrach ansin agus tá canúint na Catalóinise, alguerésalgherese as Iodáilis, á labhairt fós sa chathair. Ghlan Peadar muintir na cathrach amach is thóg sé lonnaitheoirí Catalónacha isteach ina n-áit. Cruthaíodh Coróin na Spáinne i 1479, 10 mbliain i ndiaidh phósadh Ferdinando II na hAragóine agus Isabel Castilla, na ríthe Caitliceacha. Mar thoradh ar sin, rinneadh cúíge Spáinneach den oileán freisin agus mar sin ba chuid de choróin na Spáinne í an tSairdín ó 1323 - 1720. Tá rian an ré seo le fáil i gcultúr an oileáin fós i bhféilte ar nós paráid san Efisio i Cagliari agus an cavalcata i Sassari.

Ríocht na Sairdíne cuir in eagar

Ghlac na hOstairigh seilbh ar an oileán i 1708, mar thoradh ar Chogadh Chomharbas na Spáinne. Tar éis Chonradh Utrecht i 1714, a chuir deireadh leis an streachailt Eorpach sin, tugadh an tSairdín do dhiúic Savoia nó Savoy as Fraincis, a bhí i gceannas ar réigiún Piemonte agus chruthaigh siadsan rítheaghlach dá gcuid féin i Ríocht na Sairdíne. As sin amach tháinig tionchar na hIodáile i bhfeidhm ar an gcultúr áitiúil. I 1799 d'fhág an rítheaghlach príomhchathair na ríochta, Torino, mar gheall ar na cogaí Napoléon agus chuir siad fúthu i Cagliari ar feadh cúig bliana déag.

 
Learscáil leis na cúigí nua ó 2005

Aontú na hIodáile cuir in eagar

I 1847 d'éirigh na Sairdigh as a gcuid féinrialtais as a stuaim féin agus tháinig siad faoi rialtas díreach ó Piemonte. An bhliain ina dhiaidh sin chuir an rí, Vittorio Emmanuele, tús le cogaí aontaithe na hIodáile, a lean ar aghaidh ar feadh trí bliana déag agus le deireadh an fheachtais sin i 1861, ba chuid den Iodáíl aontaithe í an tSairdín.

Stair chomhaimseartha cuir in eagar

I ndiaidh chliseadh deachtóireacht Mhussolini sa Dara Cogadh Domhanda, agus ruaigeadh an rítheaghlach Savoia tar éis reifreann i 1946, tugadh féinrialtas don tSairdín i 1949 mar réigiún de chuid Phoblacht na hIodáile faoi bhunreacht nua na tíre. Ba chuid de mezzogiorno na hIodáile í an tSairdín, í bocht agus neamhfhobartha i gcomparáid le réigiúin tuaisceart na tíre. Rinne an rialtas náisiúnta iarrachtaí tionscail throm a fhorbairt ar nós an tionscail cheimicigh timpeall ar Porto Torres ar an gcósta thuaidh, chun dul i ngleic leis an dífhostaíocht. Tháinig forbairt ollmhór ar chóstaí Ghallura, ar a dtugtar an Costa Smeralda, san oirthuaisceart, nuair a cheannaigh an Aga Khan tailte ann tar éis dó an Consorzio Costa Smeralda a bhunadh i 1962. Tá tithe samhraidh ag daoine mór le rá ar nós Silvio Berlusconi ann agus bíonn an fharraige plódaithe le báid mhóra le linn an tseasúir saoire. Ó thaobh an rialtais áitiúla de, cuireadh 4 chúige nua - Ogliastra, Medio Campidano, Olbia-Tempio agus Carbonia-Iglesias - leis an 4 cinn a bhíodh ann roimhe sin - Cagliari, Sassari, Nuoro agus Oristano - i mBealtaine 2005.