Silvio Berlusconi
Iar-Phríomh-Aire na hIodáile agus pobalóir is ea Silvio Berlusconi éist (rugadh 29 Meán Fómhair 1936).
Dar leis an iris Forbes, is é Berlusconi an duine is saibhre san Iodáil agus é ar an 30ú duine is saibhre ar domhan.
Is úinéir chlub sacair A.C. Milan é.
PolaitaíochtCuir in Eagar
Bhí Berlusconi ina phríomh-aire cheana
- ar feadh seala sa bhliain 1994-1995.
- ón mbliain 2001 go dtí 2006,
- agus ón mbliain 2008 go dtí 2011.
Bhunaigh Berlusconi an páirtí Forza Italia sa bhliain 1993. Páirtí pobalach a bhí agus atá ann i gcónaí.
Sa bhliain 2001, dúirt Berlusconi gur oibrí coiléir ghoirm é, fiontraí, agus fear a thuig na feirmeoirí agus na ceardaithe. Dúirt sé le lucht gnó gur duine dá ngrúpa é, dúirt sé le feirmeoirí gur chabhraigh sé lena thuismitheoirí sna páirceanna i ndiaidh an Dara Cogadh Domhanda agus dúirt sé le ceardaithe gurbh é féin a chuir síos an brat urláir ina chéad oifig. Bhí an teachtaireacht soiléir ar dtús: "Is duine mar sibh féin mise, fear a tháinig chun cinn sa saol as a stuaim féin".
Bhí muinín ag an am ag daoine as a scileanna bainisteoireachta agus bhí an tuairim ann go forleathan nach mbeadh deacracht aige ag reáchtáil Italia Inc., ós rud é gur éirigh leis impireacht mhór gnó a riar go héifeachtach[1].
Sa bhliain 2007, bhunaigh Berlusconi páirtí eile - comhghuaillíocht pholaitiúil i ndáiríre - le Gianfranco Fini, Popolo della Liberta (PDL).
Sa bhliain 2012, d'fhógair Príomh-aire na hIodáile ag an am, Mario Monti, go raibh sé chun éirí as a phost i ndiaidh do pháirtí an iarPhríomh-Aire, Silvio Berlusconi, a dtacaíocht don rialtas a tharraingt siar[2].
SaolCuir in Eagar
Rugadh Berlusconi i Milano i mí Mheán Fómhair 1936. Ba fheidhmeannach meánaicmeach bainc é a athair.
D’íoc Berlusconi as a thréimhse san ollscoil trí bheith ag obair mar crooner (amhránaí) ar chúrsóirí agus trí tháille a ghearradh ar a chomhscoláirí as a bpáipéir scrúdaithe a scríobh. Chríochnaigh sé a chuid staidéir le céim sa dlí.
Ansin i 1962, ag am a raibh borradh faoi thionscal na tógála, bhunaigh sé comhlacht darbh ainm Edilnor. Seacht mbliana ina dhiaidh sin fuair sé 3 bhilliún lira ar iasacht chun an baile codail Milano 2 a thógáil in aice lena chathair dhúchais. Gan mhoill, ba é Berlusconi an forbróir ba mhó áras cónaithe agus móreastát réadach miondíola san Iodáil.
I 1974 thosaigh Berlusconi ag infheistiú in earnáil na teilifíse den chéad uair, earnáil bhí ar tí fás go mór. I 1980, bhunaigh sé Canale 5, an chéad ghréasán tráchtála náisiúnta teilifíse, mar aon le Italia 1 i 1982 agus Rete 4 i 1984. D’éirigh leis é sin a dhéanamh mar gur rialaigh an Chúirt Bhunreachtúil i 1976 nach raibh sé de chead ag an stáisiún náisiúnta teilifíse, RAI (Radio Televisione Italiana) monaplacht a bheith aige i réimse na craoltóireachta náisiúnta a thuilleadh. I ndiaidh an chinnte seo, d’imigh cúrsaí ó smacht agus bunaíodh 700 stáisiún bradach teilifíse ar fud na hIodáile.
ConspóidíCuir in Eagar
Bhí conspóidí ag baint le Berlusconi faoina chaidrimh le mná. Bhí an nós aige cóisir a reáchtáil le mná nochta (striapacha is cosúil), darbh ainm 'Bunga-Bunga'.
Ar 26 Deireadh Fómhair 2012, dúirt Berlusconi go raibh téarma príosúin bliana a gearradh air as imghabháil cánach dofhulaingthe agus polaitiúil (ní dhearna sé ach seirbhís pobail níos déanaí). Dúirt Berlusconi freisin go raibh an tír míshibhialta, barbartha agus nach raibh sí daonlathach níos mó[3].
TagairtíCuir in Eagar
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |