Stan Mallon
Is státseirbhíseach agus péidifileach as Béal Feirste é Stan Mallon (a rugadh in 1941). Príomhfheidhmeannach Eatramhach Ghníomhaireacht na hUltaise[1] ba ea Mallon le linn 2001-2002.
Gníomhaíocht | |
---|---|
Gairm | príomhoifigeach feidhmiúcháin |
Eile | |
Ciontaíodh i | drochúsáid ghnéasach leanaí (2002) |
Sa bhliain 2002, bhí Mallon ag déanamh ionadaíocht ar son na heagraíochta Gníomhaireacht na hUltaise le linn ceiliúradh Lá Fhéile Pádraig i Meiriceá. Bhí sé i gceist aige freastal ar ócáid oifigiúil in Washington DC a bhí eagraithe ag an ghníomhaireacht le linn mhí an Mhárta.[2]
Ar an 2 Márta 2002, gabhadh Mallon, i seomra óstáin gar do Chicago de bharr gaiste a leag na póilíní roimhe. Bhí sé i dteagmháil le duine, cailín 14 bliain a cheap sé, go minic sa mhí roimhe sin óna theach i mBéal Feirste ar an suíomh 'Daddy and Daughter Sex'. Ach trap a bhí ann ag na póilíní.
Gearradh téarma príosúin 21 mí ar Mallon in 2003 ach méadaíodh an téarma go 41 mí nuair a rinne an tIonchúisitheoir Dúiche achomharc de bharr boige an phionóis.[3][4]
Tharraing an eachtra seo go leor míchlú ar an Ghníomhaireacht Ultaise go háirithe nuair a ghabh an SPTÉ seilbh ar ríomhairí na heagraíochta.[2]
Féach freisin
cuir in eagarNaisc
cuir in eagar- An clár Siar 20 Bliain ar TG4 ar an 27 Nollaig 2024.[5]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ i mBéarla, the Ulster Scots Agency, nó Tha Boord o Ulstèr-Scotch
- ↑ 2.0 2.1 Breandán Delap / Nuacht RTÉ (2024-12-16). "Teannas maidir le ciontú Phríomhfheidhmeanach i gcoireanna gnéis" (as ga).
- ↑ RTÉ News (2003-12-12). "Mallon sees US prison sentence doubled" (as en).
- ↑ "Mallon's health claims rubbished" (en-GB). BelfastTelegraph.co.uk (2003-10-06). Dáta rochtana: 2024-12-27.
- ↑ "Nollaig 2024 ar TG4 | Preasráiteas" (ga-IE). TG4. Dáta rochtana: 2024-12-27.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |