Is físchluiche insamhalta rólimeartha é Stardew Valley a d'fhorbair Eric “ConcernedApe” Barone idir 2012 agus 2016. Sa chluiche, glacann an t-imreoir seilbh ar fheirm a bhfuil drochbhail uirthi in áit darb ainm Stardew Valley. Eisíodh an cluiche ar Microsoft Windows i mí Feabhra 2016 sular cuireadh ar fáil ar ardáin éagsúla é: ar ríomhairí, ar chonsóil, agus ar ghléasanna soghluaiste freisin.

Stardew Valley

Foilsiú
Microsoft Windows: 26 Feabhra 2016 (domhanda)
macOS, Linux: 29 Iúil 2016 (domhanda)
PlayStation 4: 13 Nollaig 2016 (Meiriceá Thuaidh)
PlayStation 4: 14 Nollaig 2016 (domhanda)
Xbox One: 14 Nollaig 2016 (domhanda)
PlayStation 4, Xbox One: 11 Aibreán 2017 (Meiriceá Thuaidh)
11 Aibreán 2017
PlayStation 4, Xbox One: 13 Aibreán 2017 (an Eoraip)
Nintendo Switch: 5 Deireadh Fómhair 2017 (domhanda)
PlayStation Vita: 22 Bealtaine 2018 (domhanda)
PlayStation Vita: 24 Bealtaine 2018 (an Eoraip)
iOS: 24 Deireadh Fómhair 2018 (domhanda)
Android: 13 Márta 2019 (domhanda) Cuir in eagar ar Wikidata
Leaganacha
PlayStation Vita: 1.0.2 (20 Meitheamh 2018)
iOS: 1.37 (27 Samhain 2019)
Android: 1.5.6.52 (30 Deireadh Fómhair 2023)
Microsoft Windows: 1.6.3 (28 Márta 2024) Cuir in eagar ar Wikidata
Seánrafíschluiche ionsamhlaithe, físchluiche rólimeartha, cluiche ionsamhlúcháin saoil agus farming simulation game (en) Aistrigh
CarachtairPenny
Cur síos ar an gcruinne ficseanúilStardew Valley universe (en) Aistrigh
Ceadúnasceadúnas dílsithe Cuir in eagar ar Wikidata
Ar fáil sa
Saintréithe teicniúla
Córas oibriucháinAndroid agus iOS
ArdánWindows, macOS, Linux, PlayStation 4, Xbox One, Nintendo Switch, PlayStation Vita, iOS, Android, Sony PlayStation, Nintendo 3DS agus PlayStation 3
InneallMonoGame, Reason agus paint.net
Modhannafíschluiche d'imreoir aonair agus físchluiche ilimreoirí
Formáiddáileadh digiteach, íoslódáil digiteach, diosca optúil agus cartús ROM
Gléas ionchuirluchóg, méarchlár agus scáileán tadhaill
Foireann
Forbróir(í)Eric Barone
EagarthóirEric Barone (en) Aistrigh
Eric Barone
Chucklefish
Chucklefish
Chucklefish
Chucklefish Cuir in eagar ar Wikidata
DáileoirSteam, GOG.com (en) Aistrigh, Humble Store (en) Aistrigh, Nintendo eShop (en) Aistrigh, PlayStation Store (en) Aistrigh, Siopa Microsoft, Google Play agus App Store
Cáilíochtaí
ESRB
enllaç=d:Q14864329
PEGI
enllaç=d:Q14915515
USK
enllaç=d:Q14920391
ACB
enllaç=d:Q26708075

Tuilleadh eolais
Láithreán Gréasáinstardewvalley.net (Béarla) Cuir in eagar ar Wikidata
MobyGamesstardew-valley Cuir in eagar ar Wikidata
Steam413150 Cuir in eagar ar Wikidata
BlogBlog oficial Cuir in eagar ar Wikidata
CA. SubredditStardewValley Cuir in eagar ar Wikidata

IMDB: tt5580378 Facebook: stardewvalley Youtube: UC01bUscRlH5qGlGmffj_78A Musicbrainz: 0c1ac2c2-cc8b-4df0-b99d-4c1d2fbe2f38 Cuir in eagar ar Wikidata

Is cluiche ceannoscailte é Stardew Valley, rud a ligeann do na himreoirí dul i mbun gníomhaíochtaí éagsúla: barra a shaothrú, beostoc a chothú, iascaireacht, cócaireacht, mianadóireacht, sealgaireacht, caidreamh a dhéanamh le muintir na háite, pósadh agus tógáil clainne san áireamh. Is féidir le suas le ceathrar imirt ar líne le chéile.

D'fhorbair Barone Stardew Valley ina aonar thar tréimhse ceithre bliana. Bhí sé go mór faoi anáil na sraithe Harvest Moon, le gnéithe nua chun dul i ngleic le roinnt de na fadhbanna sna cluichí sin. D’úsáid sé é mar chleachtadh chun snas a chur ar a scileanna ríomhchláraithe féin. Chuaigh an stiúideo físchluichíochta Chucklefish i dteagmháil le Barone leath bealaigh tríd an bpróiseas forbartha agus thairg siad an cluiche a fhoilsiú, rud a lig do Barone díriú níos mó ar é a chríochnú.

Thug na léirmheastóirí ardmholadh do Stardew Valley, ag tarraingt suntais ar an gceol, na carachtair, agus cáilíochtaí suaimhneacha an chluiche, agus anois áirítear é ar cheann de na físchluichí is fearr riamh. Mhol Yasuhiro Wada, cruthaitheoir Harvest Moon, an cluiche as an tslí ar chaomhnaigh Barone an tsaoirse a bhí caillte sna leaganacha deireanacha dá shraith féin. D’éirigh go maith leis an gcluiche ó thaobh díolacháin freisin, ag díol breis agus 20 milliún cóip faoin mbliain 2022.