Stephen Hunt

peileadóir Éireannach

Is imreoir sacair Éireannach é Stephen Hunt a rugadh ar an 1 Lúnasa 1981 i bPort Laoise, Contae Laoise. Imreoir gasta agus bríomhar atá ann, a imríonn i lár na páirce, ar an gcliathán clé de ghnáth. D'imir sé le Reading F.C. ar feadh ceithre bliana. Ar an 11 Lúnasa 2009 shínigh sé conradh le Hull City, chun filleadh ar ais ar Phríomhroinn Shasana ach ina dhiaidh sin sa bhliain 2010 bhog sé go Wolverhampton agus ó shin tá sé ag imirt leo. Bhí Hunt ina ábhar conspóide sa bhliain 2006 i gcluiche in aghaidh Chelsea, nuair a bhuail sé an cúl báire Petr Čech lena chos. Timpiste a bhí ann, dar leis, ach bhí an-chaint sna meáin spóirt faoi agus cuireadh ina leith go ndearna sé d'aon ghnó é. Pé scéal é, gortaíodh Čech go dona agus chaith sé na míonna ar na taobhlínte.

Infotaula de personaStephen Hunt

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith(en) Stephen Patrick Hunt
1 Lúnasa 1981
42 bliana d'aois
Port Laoise, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Meáchan72 kg
Airde172 cm Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmimreoir sacair, iománaí Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre1999 –
Tír spóirtÉire Cuir in eagar ar Wikidata
Spórtsacar Cuir in eagar ar Wikidata
Sraith spóirtPríomhroinn Shasana
Ionad ar an bhfoireann / speisialtachtWing half (en) Aistrigh
Uimhir spóirt12
Gníomhréim
  Foireann enllaç= enllaç=
1999–2001 Crystal Palace F.C. 3(0)
2001–2005 Brentford F.C. 135(25)
2005–2009 Reading F.C. 155(17)
2009–2010 Hull City Association Football Club 27(6)
2010–2013 Wolverhampton Wanderers Football Club 56(7)
2013–2015 Ipswich Town Football Club 40(0)
2016– Coventry City F.C. (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
  Foireann spóirt náisiúnta enllaç= enllaç=
2000–2000   Republic of Ireland national under-21 football team (en) Aistrigh 1(0)
2007–   Foireann sacair náisiúnta Phoblacht na hÉireann Cuir in eagar ar Wikidata
Ghlac sé/sí páirt i
2012UEFA Euro 2012 Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
SiblínNoel Hunt

FIFA: 299952 UEFA: 56332 ESPNFC: 5977 Cuir in eagar ar Wikidata

Tá a dheartháir Noel ag imirt le Reading agus le foireann na hÉireann chomh maith.

Tagairtí cuir in eagar

Naisc sheachtracha cuir in eagar