Dhá stiall de mhiotail dhifriúla, táite nó seamaithe le chéile aghaidh ar aghaidh. Forbraíonn an dá cheann beagán difriúil óna chéile nuair a théitear iad, mar gheall ar a luachanna difriúla comhéifeacht forbartha teirmí líní. Forbraíonn ceann amháin níos mó ná an ceann eile, ionas go lúbann an stiall dhémhiotalach leis an gceann níos faide ar thaobh dronnach amuigh den teascán ciorcail. A mhalairt de lúbadh a tharlaíonn nuair a fhuaraítear an déstiall. Úsáidtear an fheiste seo chun lasc a oscailt nó a dhúnadh i gcórais rialú teochta.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Stiall dhémhiotalach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 627.