Is éan mór é an storc dubh[1] (Ciconia nigra) san fhine Ciconiidae. Chuir Carl von Linné síos air den chéad uair sa 10ú heagrán dá Systema Naturae. Ag tomhas 95 go 100 cm ar an meán ó bharr an ghoib go dtí deireadh an an eireabaill, le réise sciathán 145-go-155 cm, tá cluimhreach dhubh den chuid is mó ar an storc dubh fásta, le fo-chodanna bána, cosa fada dearga agus gob fada biorach dearg. Is speiceas forleathan é ach neamhchoitianta, a phóraíonn in áiteanna scaipthe ar fud na hEorpa (sa Phortaingéil agus sa Spáinn den chuid is mó, agus i gcodanna lárnacha agus thoir), agus soir trasna an Phailéartigh go dtí an tAigéan Ciúin. Is imirceach fad-achair é, le daonraí Eorpacha ag geimhreadh san Afraic fho-Shahárach trópaiceach, agus daonraí na hÁise i bhfo-ilchríoch na hIndia.

WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoStorc dubh
Ciconia nigra Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Réise sciathán1.5 m Cuir in eagar ar Wikidata
Meánlíon in ál3.5 Cuir in eagar ar Wikidata
Stádas caomhnaithe
Speiceas is lú imní
UICN22697669 Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
For-ríochtEukaryota
RíochtAnimalia
FíleamChordata
AicmeAves
OrdCiconiiformes
FineCiconiidae
TreibhCiconiini
GéineasCiconia
SpeiceasCiconia nigra Cuir in eagar ar Wikidata
Linnaeus, 1758
Léarscáil de raon an tacsóin

Cuir in eagar ar Wikidata

Tagairtí cuir in eagar

  1. “Ciconia nigra” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-06-26.