An t-athrú codánach, sloinnte mar uimhir, i dtoisí réada a chuirtear faoi strus. Nuair is fórsa a fheidhmíonn ar feadh ais an réada a bhíonn i gceist, straidhn líneach a tharlaíonn, an t-athrú sa bhfad, roinnte ar an mbunfhad. Straidhn thoirtmhéadrach, an t-athrú codánach sa toirt, a tharlaíonn do réad a bhrúitear ar gach taobh. Tarlaíonn straidhn fhiartha mar fhreagairt ar fhórsa casta.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Straidhn". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 629.