Stratagrafaíocht
Is éard is stratagrafaíocht ann ná brainse den gheolaíocht ina ndéantar staidéar ar ord srathaithe na gcarraigeacha, de ghnáth carraigeacha dríodair. Bíonn mar aidhm ag eolaithe sa bhrainse seo athruithe sna cúinsí dríodair a shoiléiriú agus comhghaolta a iniúchadh idir carraigeacha den aois chéanna ach ó áiteanna difriúla, maidir lena gcomhdhéanamh is na hiontaisí iontu.[1]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Hussey, Matt (2011). "Strataghrafaíocht". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 629.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |