Go ginearálta, aon ábhar a ghreamaíonn le dhá ábhar eile nach ngreamaíonn le chéile. De ghnáth, áfach, stroighin Portland a bhíonn i gceist, ábhar mianrach saorga a úsáidtear i dtógáil foirgneamh is struchtúir innealtóireachta. Déantar í seo trí chré is aolchloch a théamh i bhfreangán chun clincear a tháirgeadh, agus ansin meiltear é seo ina phúdar mín. Nuair a chuirtear uisce leis an bpúdar seo, déanann sé ábhar bog inláimhsithe a théachtann ina ábhar crua trí shileacáití hiodráitithe a chruthú. De ghnáth, measctar í le hábhair mhianracha eile (gaineamh, cloch) chun coincréití éagsúla a tháirgeadh, nó moirtéar a dhéanamh chun brící a ghreamú le chéile.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Stroighin". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 630.