Suíomh Hanford
Ionad in Washington na Stát Aontaithe ab ea Hanford, ina stóráladh ábhair núicléacha radaighníomhacha thar cheann an airm. Tá droch-cháil ar an suíomh Hanford, díchoimisiúnaithe inniu, de bharr an oiread sin sceite d'ábhair radaighníomhacha san aer is na huiscí taobh leis ar feadh 70 bliain, beagnach.
Suíomh Hanford | ||||
---|---|---|---|---|
Lipéad sa teanga dhúchais | (en) Hanford Site | |||
Sonraí | ||||
Cineál | Struchtúr ailtireachta, saotharlann náisiúnta de chuid na Stát Aontaithe agus radioactive waste repository (en) | |||
Foirgníocht | 1940í | |||
Suíomh geografach | ||||
Limistéar riaracháin | Contae Benton, Washington | |||
| ||||
Gníomhaíocht | ||||
Am oibriúcháin | ? – 1987 | |||
ID GeoNames | 5796638 | |||
Suíomh gréasáin oifigiúil | hanford.gov | |||
Mar shampla, tá a fhios anois gur sceitheadh oiread is 2 × 1018 beicireil (Bq) d'iaidín radaighníomhach san aer ann i 1944-1947. Ag cur san áireamh go méadaíonn a laghad is 2 × 105 Bq iaidín, ach é ionsúite sa cholainn, an dóchúlacht go bhfaighidh duine ailse tíoróidigh, is ollmhór an sceitheadh é seo.
Meastar go bhfuair suas le 20% den 250,000 duine i stáit Washington, Idaho is Oregon, mórthimpeall ar Hanford dáileoga baolacha radaíochta ó thosaigh sé. Ní haon ábhar iontais é gur cúis chonspóide an t-ionad céanna.[1]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Hussey, Matt (2011). "Hanford". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 340.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |