Ciall amháin is ea an próiseas chun muciarann (le tiúchan ard carbóin) a mhalartú ina iarann saoirsithe (le tiúchan an-íseal carbóin) trína leá i bhfoirnéis bheag ina n-oibrítear é chun an carbón a bhaint as trí ocsaídiú leis an aer, agus an tslaig a bhaint trí easbhrú. Dhéantaí é seo leis na lámha, ach déantar go meicniúil anois é. Ciall eile is ea corraí meascán coincréite chun síothlú a chur ar aghaidh is comhdhéanamh aonfhoirmeach a bhaint amach.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Suaitheadh". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 633.