Spásaire Meiriceánach agus oifigeach de chuid Chabhlach na Stát Aontaithe is ea Sunita Lyn "Suni" Williams[1], a rugadh ar 19 Meán Fómhair 1965 agus í de shliocht Indiach-Shlóivéanach. Tá níos mó siúlóidí spáis (seacht gcinn) déanta aici ná mar atá ag aon bhean eile,[2] agus níos mó ama (50 uair, 40 nóiméad) ag siúlóid sa spás ná aon bhean eile[3][4] Cuireadh ar bord an Stáisiún Spáis Idirnáisiúnta í mar bhall de Thuras 14 agus de Thuras 15. Sa bhliain 2012, bhí sí mar innealtóir eitilte ar Thuras 32, agus ansin mar an ceannaire ar Thuras 33.

Infotaula de personaSunita Williams

Cuir in eagar ar Wikidata
Ainm sa teanga dhúchais(en) Sunita Lyn Williams
Beathaisnéis
Breith19 Meán Fómhair 1965
58 bliana d'aois
Euclid, Ohio Cuir in eagar ar Wikidata
ISS Expedition Commander (en) Aistrigh Expedition 33 (en) Aistrigh
16 Meán Fómhair 2012 – 16 Samhain 2012
← Gennady Padalka (en) AistrighKevin A. Ford → Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnAn Hiondúchas
Scoil a d'fhreastail sé/síArdscoil Needham (–1983)
Institiúid Teicneolaíochta Florida - bainistíocht innealtóireachta (–1995)
Acadamh Cabhlaigh na Stát Aontaithe - eolaíocht fhisiceach (–1987)
United States Naval Test Pilot School (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmoifigeach cabhlaigh, flight engineer (en) Aistrigh, iomaitheoir lúthchleasaíochta, spásaire, innealtóir Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirNASA, spásaire Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla
Gairm mhíleata
Brainse míleataCabhlach na Stát Aontaithe
Céim mhíleatacaptaen
ceannasaí Cuir in eagar ar Wikidata
Am sa spás463,275
Misean spásaire
Expedition 14 (en) Aistrigh
Expedition 15 (en) Aistrigh
Expedition 32 (en) Aistrigh
Expedition 33 (en) Aistrigh
STS-116 (en) Aistrigh
STS-117 (en) Aistrigh
Soyuz TMA-05M (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Spórtlúthchleasaíocht Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
AthairDeepak Pandya
Gradam a fuarthas

Twitter: Astro_Suni Cuir in eagar ar Wikidata

Luashaol agus oideachas cuir in eagar

Rugadh Sunita Williams in Euclid, Ohio, do néara-anatamaí ón Ind agus do bhean de shliocht Slóivéanach a raibh cónaí orthu in Falmouth, Massachusetts. Is í an duine ab óige de thriúr clainne.[5][6]

Chríochnaigh Williams a cuid ardscolaíochta in Needham, Massachusetts i 1983. Fuair sí céim bhaitsiléara san eolaíocht in Acadamh Chabhlaigh na Stát Aontaithe i 1987, agus bhain sí céim mhaistreása i mbainistíocht na hinnealtóireachta sa Florida Institute of Technology i 1995.[2]

Gairmshaol míleata cuir in eagar

Tugadh coimisiún mar mheirige i gCabhlach na Stát Aontaithe do Williams i mí Bealtaine na bliana 1987. Ceapadh í mar eitleoir cabhlaigh i mí Iúil. Oileadh í in eitilt réimse leathan d'eitleáin agus d'oibrigh sí ar roinnt long. Bhí sí ar seirbhís ar an USS Saipan i Meitheamh na bliana 1998 nuair a roghnaigh NASA í don chlár spásairí.[2] Faoin am sin bhí breis agus 3,000 uair a chloig eitlte curtha isteach aici i 30 cineál aerárthaí.[2]

Tagairtí cuir in eagar

Naisc sheachtracha cuir in eagar