Stáisiún spáis atá ag fithisiú an Domhain ag airde 400 km is ea an Stáisiún Spáis Idirnáisiúnta (ISS). Thosaigh NASA ar an bpleanáil sna 1980idí, ach d'fhás an scéim mar chomhoibriú idirnáisiúnta leis an Rúis, Ceanada, an tSeapáin, an Bhrasaíl, is an ESA. Tosaíodh an tógáil nuair a cuireadh dhá mhodúl le chéile sa spás i 1998. Tá timpeall 88 aistear déanta ag tointeálaí spáis Mheiriceá, agus feithiclí Soyuz is Progress na Rúise le hábhair tógála, teicneoirí is eolaithe don obair tógála is taighde. Beidh an obair tógála críochnaithe i 2011. Timpeall 350 tonna meáchain atá ann anois, é 109 m ar leithead, 20 m ar airde, 73 m ar fhad. 136 siúlóid spáis oibre (849 uair oibre taobh amuigh den stáisiún) a rinne spásairí Meiriceánacha, Rúiseacha is Eorpacha (ó 15 tír ina n-iomláine) sa tógáil. 6 shaotharlann ann, dírithe ar thaighde ar mhíochaine spáis, bitheolaíocht imtharraingteach, eolaíochtaí faoi mhicreadhomhantarraingt, fás criostal, ábhareolaíocht, eolaíocht an dócháin. Ina dhiaidh sin tá coilíneacht spáis le tógáil a bheidh fuinnmhithe ag grianfhuinneamh, a rothlóidh tapa go leor chun a dhomhantarraingt féin a chruthú, ina soláthrófar solas go hailtéarnach chun macasamhail den timthriall lae is oíche a dhéanamh.[1]