Is éard is spáseitiltspástaisteal ann ná an úsáid a bhaintear as an spásteicneolaíocht leis an spásbhád a chur ag taisteal amach go dtí an spás. Tá baint ag an spáseitilt leis na satailítí cumarsáide, satailítí breathnaithe an Domhain (na satailítí spiaireachta san áireamh), na réadlanna spáis (na teileascóip a chuirtear ag timpeallú an Domhain le breathnuithe a dhéanamh ar na réaltaí, mar shampla), agus an spástaiscéalaíocht.

Spáseitilt

I dtús an turas spáseitilte, lainseálfar an roicéad. Sroichfidh an roicéad luas chomh hard is go n-éalóidh sé ó imtharraingt an Domhain (an treoluas éalaithe, mar a deirtear). Nuair a bhainfidh an spásbhád amach an spás ina bhfuil sí saor ó imtharraingt an Domhain, beidh a gluaiseacht á stiúradh ag na dlíthe nádúrtha atá leagtha amach ag lucht staidéir an bhrainse eolaíochta ar a dtugtar réaltdinimic. Fanfaidh cuid de na spásbháid amuigh sa spás go deo, dófar cuid eile nuair a thitfidh siad ar ais san atmaisféar ("athiontráil atmaisféarach", mar a deir an saineolaí), agus déanfaidh cuid eile fós tuirlingt cheart ar dhromchla an Domhain nó ar phláinéad nó ar ghealach éigin.

Stair cuir in eagar

 
Konstantin Tsiolkovsky

Ba é an saineolaí féinteagasctha Konstantin Tsiolkovsky sa Rúis ba luaithe a thosaigh ag smaoineamh ar an spáseitilt. D'fhoilsigh sé an leabhar Исследование мировых пространств реактивными приборами/Issledovanie mirovykh prostranstv reaktivnymi priborami ("Taighde an spáis trí úsáid a bhaint as innill fhrithghníomhaithe") sa bhliain 1903, ach ní raibh mórán ábalta Rúisis a léamh taobh amuigh den Rúis san am sin, agus mar sin, is beag duine a fuair amach faoi shaothar teoiriciúil Tsiolkovsky.

 
Robert Hutchings Goddard

Sa bhliain 1919 d'fhoilsigh an fisiceoir Meiriceánach Robert Hutchings Goddard a alt A Method of Reaching Extreme Altitudes ("Modh Oibre le Sár-Airde a Shroicheadh"), a nglactar leis mar cheann de théacsanna clasaiceacha na spáseitilte. Bhí seisean ar an gcéad duine a leag amach an dóigh leis an roicéad a stiúradh, agus thaispeáin sé freisin go raibh sé indéanta roicéad a choinneáil ag obair i bhfolús an spáis féin, rud nár chreid na saineolaithe go léir san am. Bhain sé triail as roicéid dá chuid féin, agus d'éirigh leis stiúradh trí ais, gíreascóp agus sá instiúrtha a úsáid go praiticiúil leis an roicéad a threorú. Cé go raibh obair réabhlóideach idir lámhaibh aige, is beag tacaíocht a fuair sé ón saol mór, agus uaireanta, rinne na nuachtáin ula mhagaidh de. Nuair a bhuail lá na spáseitilte nua-aimseartha, áfach, glacadh leis gur duine de na ceannródaithe a bhí ann.

 
Wernher von Braun

Bhí an-tionchar ag saothar Goddard ar obair Hermann Oberth agus Wernher von Braun sa Ghearmáin. Chuidigh siadsan leis an nGearmáin Naitsíoch an dá "arm díoltais" (Vergeltungswaffe) a fhorbairt a bhí á n-úsáid ag na Naitsithe i ndeireadh an chogaidh le muintir Shasana a imeaglú: V-1 agus V-2. Bhí tábhacht le V-2 ó thaobh na spáseitilte de, nó ba é an chéad roicéad ar éirigh leis "spás" a bhaint amach, is é sin, Líne Kármán (100 km os comhair dhromchla an Domhain) a shárú. Shroich V-2 airde 176 chiliméadar le linn eitilt tástála i Mí an Mheithimh 1944 i bPeenemünde i dtuaisceart na Gearmáine, áit a raibh roicéid na Gearmáine Naitsíche á dtástáil. Ní raibh an roicéad ag fithisiú an Domhain le linn an turais sin, áfach, agus mar sin, ní ghlacann cách leis gurbh é sin an chéad turas spáseitilte.

 
Sputnik

Ar an 4 Deireadh Fómhair 1957 a scaoil na Sóivéadaigh an chéad satailít dhaondéanta - Sputnik a hAon (focal Rúisise é sputnik a chiallaíonn "comhthaistealaí"). Bhí Sputnik a hAon in ann an Domhan a fhithisiú roimh aon spásghléas eile, is é sin, dul timpeall an phláinéid seo againn ar a fhithis féin.

 
Sputnik

Ba iad na Sóivéadaigh a chuir an chéad duine sa spás - Yuri Gagarin, a chuaigh timpeall an Domhain ar an 12 Aibreán 1961 ar bhord an spásbháid úd Vostok a hAon ("Oirthear" is brí leis an bhfocal Rúisise sin vostok). Ba iad Sergey Korolyov agus Kerim Kerimov (nó Kərim Əli oğlu Kərimov, mar a litrítear a ainm ina theanga dhúchais féin - Asarbaiseánach a bhí ann) príomhailtirí an turais seo, agus ba é Korolyov "athair na spáseitilte" san Aontas Sóivéadach.

Inniu féin, níl gléas eile seachas na roicéid leis an spás a bhaint amach. Ní féidir leis na rop-scairdinnill dóiteáin fhorshonaigh (scramjets as Béarla) an luas riachtanach a shroicheadh le dul ar fithis timpeall an Domhain.

Tagairtí cuir in eagar