Ionstraim ina mbíonn roth ag rothlú go saor, suite ionas go mbaineann úsáid as a chlaonadh chun suíomh fosaithe sa spás a ghabháil chun aon fhórsaí a bhíonn ag iarraidh an suíomh sin a athrú a chothromú. Braitheann an bealach a ngluaiseann sé nuair a chuirtear fórsa casta i bhfeidhm air ar mhéid is treo an fhórsa, agus an modh a suitear an gíreascóp. Nuair a shuitear é chun go gcasann an roth go ceartingearach (ar ghiombail, dhá ghléas leathchiorclacha ag dronuillinn óna chéile, ionas gur féidir leis an réad casadh i dtreo ar bith) fanann sé ceartingearach nuair a chlaonann an fheithicil atá á iompar. Mar seo, soláthraíonn sé léaslíne shaorga. Coinneoidh gíreascóp atá suite go cothrománach treo-uillinn ar leith, agus léireoidh treo na feithicle de réir mar a chasann sí. Ní bhíonn roth rothlaithe i ngíreascóip nua-aoiseacha. I ngíreascóp trasnaíochta snáithíní optúla, scoiltear léas léasair in dhá leath a tharchuirtear ar mhalairt treonna trí chorna snáithíní optúla. Má rothlaíonn an corna, beidh difríocht i ndéine an tsolais a fhilleann ar an mbrathadóir, agus is féidir an difríocht sin a athrú ina uillinn rothlaithe. Sa ghíreascóp fáinne léasair, frithchaitear solas an léasair sa dá threo trí chainéal iata optúil. Má rothlaíonn an gíreascóp, ní shroichfidh an dá léas an brathadóir i gcomhphas le chéile, déanfaidh siad patrún frainsí trasnaíochta, agus ón bpatrún seo faightear uillinn rothlaithe an ghíreascóip.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Gíreascóp". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 318.