Supersonic (amhrán Oasis)

Is amhrán de chuid an racbhanna Shasanaigh Oasis é Supersonic, a eisíodh mar a gcéad singil ar 11 Aibreán 1994. Bhí sé ar a gcéad albam stiúideo Definitely Maybe sa bhliain chéanna. Shroich an singil uimhir 31 ar na cairteacha singil sa Ríocht Aontaithe, uimhir 22 ar na cairteacha indie sa Ríocht Aontaithe, agus uimhir 11 ar chairt Billboard Modern Rock sna Stáit Aontaithe.

Infotaula de cançóSupersonic
Cineálsingil
amhrán
TaibheoirOasis
ObairDefinitely Maybe
Foilsithe11 Aibreán 1994
SeánraBreat-pop agus rac-cheol
Lipéad ceoilCreation Records
CumadóirNoel Gallagher
LéiritheoirNoel Gallagher
Definitely Maybe
«Shakermaker» →
Musicbrainz: 07e70c5d-258c-3533-8acd-7a90dd7141eb Discogs: 52324 Allmusic: mt0007554244 Cuir in eagar ar Wikidata

Scríobh an príomhghiotáraí Noel Gallagher Supersonic agus taifeadadh é ag an Pink Museum Studio i Learpholl, Sasana i mí na Nollag 1993. Ba é an banna a léirigh an t-amhrán i gcomhar leis an léiritheoir proifisiúnta Mark Coyle, gan aon léiriú nó athmheascadh breise. Rinneadh dhá fhíseán ceoil don amhrán freisin.