Sylvia Plath
B'fhile, úrscéalaí agus gearrscéalaí Meiriceánach í Sylvia Plath. Rugadh i mBostún, Massachusetts í ar an 27 Deireadh Fómhair, 1932 agus cailleadh í ar an 11 Feabhra, 1963 i Londain Shasana tar éis di lámh a chur ina bás féin.[1]
Sylvia Plath | |
---|---|
![]() | |
Saol | |
Eolas breithe | Bostún, 27 Deireadh Fómhair 1932 |
Náisiúntacht | Stáit Aontaithe Mheiriceá |
Áit chónaithe |
Londain Londain |
Grúpa eitneach |
Austrian Americans (en) ![]() |
Bás | Londain, 11 Feabhra 1963 |
Áit adhlactha |
Heptonstall (en) ![]() |
Cúis bháis |
Féinmharú (carbon monoxide poisoning (en) ![]() |
Muintir | |
Athair | Otto Plath |
Máthair | Aurelia Plath |
Céile/Céilí | Ted Hughes (1956 - 1963) |
Páistí |
liosta iomláin
|
Oideachas | |
Alma mater |
Smith College (en) ![]() Newnham College (en) ![]() Wellesley High School (en) ![]() |
Teangacha | An Béarla |
Gairm | |
Gairm | file, scríbhneoir, úrscéalaí, scríbhneoir aistí, dírbheathaisnéisí, dialannaí agus scríbhneoir litríocht pháistí |
Fostóirí |
Smith College (en) ![]() |
Saothar iomráiteach |
The Bell Jar (en) ![]() Ariel (en) ![]() The Colossus (en) ![]() |
Duais |
liosta iomláin
|
Sloinnte | Victoria Lucas |
Gluaiseacht ealaíne |
confessional poetry (en) ![]() |
Creideamh | |
Reiligiúin | An tÚinitéireachas |
IMDb | nm0686799 |
sylviaplath.info | |
![]() |
SaolCuir in Eagar
D'fhreastail sí ar Choláiste Mhic Gabhainn (Béarla: Smith College) in Northampton, Massachusetts, (Sasana Nua), agus ar Choláiste Newnham in Cambridge nuair a bhronnadh an Scoláireacht Fulbright uirthi.[2]
Phós sí an file Ted Hughes sa bhliain 1956. Is minic a bhí míúsáid á dhéanamh sa chaidreamh a bhí eatarthu.
Chuir siad fúthu i Meiriceá, sular bhog go Sasana sa bhliain 1959[3]. Bhí beirt clainne acu: Frieda agus Nicholas.
Bhí fulaingt dhian ag Sylvia Plath leis an ghalar dubhach, agus bhí sí sin, maraon lena hidirscaradh pósta sa bhliain 1962, ar cheann de na príomhchúiseanna lena féinmharú, is cosúil (chuir sí a ceann sa ghásoigheann).[4]
SaothairCuir in Eagar
An ClogadCuir in Eagar
Is é An Clogad[5] (Béarla: The Bell Jar) an leabhar is mó le rá de chuid Sylvia Plath. Úrscéal dírbheathaisnéiseach atá sa Chlogad, an t-aon úrscéal dár scríobh Plath riamh. Foilsíodh den chéad uair é sa bhliain 1963 (mí roimh bhás an údair) faoin ainm cleite Victoria Lucas.
B'iarracht é An Clogad a léiriú "cé chomh scaoilte aonrach is a mhothaíonn an té atá i mbun clise néarach... Rinne mé iarracht samhail a tharraingt de mo shaolsan agus de na daoine atá ann de réir mar a bhfeicfear duit iad agus tú ag faire orthu trí ghloine chlogaid, agus í sin ag feidhmiú mar lionsa a chuireann íomhánna as a riocht".[6]
TagairtíCuir in Eagar
- ↑ Encyclopedia Britannica
- ↑ Helle (2007) p44
- ↑ Kirk (2004) pxx
- ↑ Becker. (2003)
- ↑ Focal.ie http://www.focal.ie/Search.aspx?term=bell+jar
- ↑ Plath Biographical Note 294-5. From Wagner-Martin (1988) p107
|
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |