Instealladh úisc a ullmhaítear ó bhachaillíní eitinne sa chraiceann is ea an Tástáil Mantoux. Is tomhas é frithghníomh an chraicinn dó ar fhreagairt imdhíonach na colainne don eitinn. Nuair a bhíonn sí dearfach, is comhartha é go bhfuil eitinn ar dhuine, nó go raibh, nó go bhfuair sé vacsaín ina coinne.

St. Lucia, 1954

Stair cuir in eagar

Tá Tástáil Mantoux ainmnithe as an lia Francach Charles Mantoux (1877-1947).[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Tástáil Mantoux". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 437.