Tástáil chruais Brinell
Tomhas ar chruas miotail, ainmnithe as an innealtóir Sualannach Johann August Brinell (1849-1925). Brúitear sféar crua cruach isteach i ndromchla an ábhair atá le tástáil faoi fhórsa cinnte in-atáirgthe chun logán ciorclach a dhéanamh sa dromchla. Tugann trastomhas an logáin seo tomhas ar an gcruas.[1]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Hussey, Matt (2011). "Tástáil chruais Brinell". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 90.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |