Tacastór
Téarma ginearálta ar an áit a gcoimeádann ríomhaire sonraí fadtéarmacha a mbíonn gá leo chun na tascanna éagsúla a dhéanamh. Mar shampla, chun párolla a ríomh ní mór taifid na bhfostaithe is cláir na gcánacha a bheith ar fáil, ar a laghad, agus bheadh na sonraí seo sa tacastór. Tugtar an bulcstór nó an stóras tánaisteach air freisin. Bíonn toilleadh mór ann, agus aga rochtana níos lú ná i gcás na príomhchuimhne sa ríomhaire. Bhíodh téipeanna maighnéadacha in úsáid chuige seo, ansin stóráil mhaighnéadach diosca, ach faoi seo stóráil leathsheoltóra is mó a úsáidtear.[1]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Hussey, Matt (2011). "Tacastór". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 637.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |