Taisc-chill luaidhe airgid

Úsáidtear í in inneall gluaisteán. Is féidir í a athluchtú trí shruth leictreach a sheoladh siar tríd. Déantar na leictreoidí sa chill i bhfoirm greillí as cóimhiotal luaidhe is antamóin. Líontar an leictreoid dhiúltach le taos sárocsaíd luaidhe, agus an leictreoid dhearfach le taos luaidhe. Déantar barr na taisc-chille a shéalú chun galú na leictrilíte a laghdú, ach fágtar poll ann chun gur féidir teacht ar an tuaslagán len é a thástáil is a athnuachan. Voltas timpeall 2 V idir na plátaí nuair a bhíonn an taisc-chill nua, agus dlús coibhneasta timpeall 1.25 ag an tuaslagán. Nuair a thógtar sruth ón taisc-chill, is amhlaidh a chumtar sulfáit luaidhe ar an dá phláta, agus dá bharr sin titeann an voltas is dlús coibhneasta an tuaslagáin araon. Díluchtú a thugtar ar an bpróiseas seo. Má chumtar an iomarca sulfáit luaidhe, titeann an voltas faoi bhun 1.9 V is an dlús coibhneasta faoi bhun 1.18. Déantar an dlús coibhneasta a thástáil go rialta le hidriméadar chun staid na taisc-chille a chinntiú. Déantar an t-athluchtú trí shruth a sheoladh isteach sa taisc-chill tríd an leictreoid dhearfach ó fhoinse éigin a bhfuil a voltas níos mó ná voltas na taisc-chille féin. Le linn an luchtaithe, cúlaítear na himoibrithe díluchtaithe go léir, méadaíonn an voltas i dtreo 2 V is dlús coibhneasta na leictrilíte i dtreo 1.25.[1]

  1. Hussey, Matt (2011). "Taisc-chill luaidhe airgid". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 640.