Is éard is teasfhulangach[1] ann ná ábhar nach ndíchumtar nó nach n-athraítear go ceimiceach nuair a nochtar do theocht ard é. Mar sin, is an-áisiúil iad mar shoithigh, ábhair struchtúrtha, agus comhbhaill in oibrithe miotalóireachta cosúil le líneáil foirnéise. Is ábhair nádúrtha mar seo silice, alúmana is cré thine. Tá teasfhulangaigh shaorga ann freisin, ina measc na cairbídí is na nitridí, nach leánn ach ag teocht fhíorard agus a úsáidtear i stáisiúin núicléacha leictreacha.[2]

Tagairtí cuir in eagar

  1. “teasfhulangach” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2024-05-01.
  2. Hussey, Matt (2011). "Teasfhulangaigh". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 648.