Technicolor, trádainm ar an gcóras idirnáisiúnta cineamatagrafaíochta daite a bhí ceannasach i 1935-1955. Ceamaraí 3 stiall a d'úsáidtí, agus dhéantaí an iliomad clónna le scaoileadh amach do na pictiúrlanna trí phróiseas fótaimheicniúil aistriú datha. Fiú tar éis tabhairt isteach na gclaonchlónna daite i 1953, lean úsáid an tseanphróisis isteach sna 1970idí.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Teicnidhath". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 649.