Teilgean (miotalóireacht)

Sa mhiotalóireacht, próiseas ina dteilgtear miotal leáite isteach i múnla le toisí an-chruinne. Déantar an múnla as ábhair theasfhulangacha, meascán de ghaineamh is cré a phacáiltear ar phatrún múnlaithe (macasamhail den réad atá le táirgeadh). Uaireanta déantar an múnla ina dhá leath chun gur féidir an patrún a bhaint as roimh an teilgean. Uaireanta déantar an patrún múnlaithe as céir, baintear an chéir as an múnla dúnta trí théamh. agus leáitear is galaítear an chéir amach as roimh an teilgean. I dteilgcheárta a dhéantar an réamhobair seo, agus an teilgean féin. Chun réada ardchruinnis a fháil ní mór patrún ardchruinnis a chruthú, agus is obair sciliúil é sin. Is féidir cóimhiotail ar leith, go minic iad sin a chuimsíonn sinc, a theilgean i ndísle, is é sin é a theilgean faoi bhrú i múnla casta inathúsáidte le cruth casta a tháirgeadh. Déantar a leithéid le plaisteach freisin.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Teilgean". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 651.