Teilgean aismhéadrach is isiméadrach

Córas chun líníocht thríthoiseach réada a dhéanamh gan pheirspictíocht, ina dtarraingítear gach líne de réir scála. Is cás ar leith den teilgean aismhéadrach é an teilgean isiméadrach, ina dtarraingítear an 3 ais — airde, leithead, is doimhne — ag 120° lena chéile, na haiseanna leithid is doimhne ag 30° leis an gcothromán. Úsáidtear an córas seo go forleathan i líníocht innealtóireachta is ailtireachta.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Teilgean aismhéadrach is isiméadrach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 651.