Cóireáil shíceolaíoch a shaothraigh an síciteiripeoir Joseph Wolpe (1915-1997), a dhéanann iarracht smaointe duine a athrú trí athrú iompair. Baintear feidhm aisti i leith galar néaróiseach, ar an tuiscint gur féidir scaradh leis na hiompair sin a foghlaimíodh ar dtús. Tagann teicníochtaí ina ndéantar dí-íogrú is/nó ollródú le freagairtí imní a spreagadh, nó a dtugtar duaiseanna is pionóis d'othair, san áireamh.[1]

  1. Hussey, Matt (2011). "Teiripe iompair". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 655.