Teirmeachlaonas
An doimhneacht sa bhfarraige ag a laghdaíonn an teocht go tapa. I gcuid mhaith den aigéan agus ar fud na dtrópaicí, tarlaíonn an teirmeachlaonas buan ag timpeall 100 m thíos. Tá sé seo díreach faoi bhun an chisil dhromchlaigh a dhéanann an ghaoth is an t-uisce a mheascadh, áit a bhféadfaidh an teocht a bheith chomh hard le 28 °C. Is féidir go sínfidh an teirmeachlaonas chuig doimhneacht 1 km nó níos mó, mar a bhféadfaidh an teocht a bheith chomh híseal le 2 °C. I réigiúin de na haigéin, san Atlantach thuaidh mar shampla, is féidir go ndéanfaidh téamh séasúrach teirmeachlaonas séasúrach (neamhbhuan) éadomhain os cionn an teirmeachlaonais bhuain.[1]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Hussey, Matt (2011). "Teirmeachlaonas". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 655.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |