Staid ina bhfuil hipirinspreagthacht néarmhatánach, a bhaineann le leibhéil ísle cailciam sa bhfuil de ghnáth. Ach tarlaíonn sé de bharr na tocsaine a dhéanann na baictéir Clostridium tetani freisin. Mar thoradh air, tarlaíonn crampaí sna matáin, ardú i mbrú na fola, trithí, agus ríog sa laraing, rud a fhéadfaidh bac a chur sna haerphasáistí is a bheith bagrach do bheatha duine. Tá dhá chomhartha chliniciúla chlasaiceacha ar theitine: comhartha Chvostek, preab san aghaidh a fhaightear trí chnagaide a bhualadh ar an néaróg aghaidhe ar thaobh an ghéill, agus comhartha Trousseau, suíomh docht na lámh, le fleisceadh na n-alt ag an rosta is idir na lámha is na méara, agus síneadh ailt na méar, spreagtha ag brú mórthimpeall uachtar na géige.[1]

Teimpléad:WD Bosca Sonraí GalarTeitine
Cineálmusculoskeletal system symptom (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Speisialtacht leighisnéareolaíocht agus inchríneolaíocht Cuir in eagar ar Wikidata
Cóireáil chliniciúil
Comharthaítetanic contraction (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
 Cógais
Pataigineas
Cúishypocalcaemia (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Aicmiú
ICD-10R29.0 Cuir in eagar ar Wikidata
ICD-9781.7 Cuir in eagar ar Wikidata
Acmhainní seachtracha
DiseasesDB29143 Cuir in eagar ar Wikidata
MeSHD013746 Cuir in eagar ar Wikidata
UMLS CUIC0039621 agus C0917812 Cuir in eagar ar Wikidata

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Teitine". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 657.