In ábhair fhearómaighnéadacha, an teocht, TC in aonaid K, a bhíonn uathúil don ábhar, ag a gcailleann sé a fhearómhaighnéadas is a n-éiríonn sé paramaighnéadach amháin. D'fhionn Pierre Curie an feiniméan seo, a éiríonn as suaitheadh méadaithe teirmeach na n-adamh a sháraíonn na fórsaí ailínithe idir adaimh chóngaracha. In iarann, TC = 1043 K. Léiríonn ábhair áirithe fhearómaighnéacha an iarmhairt phisileictreach, ach cailleann siad an t-airí seo nuair a théitear iad os cionn teocht, nó pointe, Curie.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Teocht Curie". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 196.