The Late Late Show (RTÉ)
Is seó cainte é The Late Late Show a chraoltar ar an gcainéal RTÉ a hAon gach Aoine ó Mheán Fómhair go dtí Bealtaine ag 21:30.[1] "Is cuid de dhlúth agus d’inneach na tíre é an Late Late, meascán mearaí den trom agus éadrom."[2]
Láithreoir(í) | Patrick Kielty, Gay Byrne, Frank Hall agus Ryan Tubridy |
---|---|
Tír | Éire |
Bealach teilifíse | RTÉ a hAon |
Líon séasúr | 54 |
Tuilleadh eolais | |
Suíomh oifigiúil | rte.ie… |
- Baineann an t-alt seo leis an clár ar RTÉ; má tá suim agat sa gclár Meiriceánach, féach The Late Late Show (CBS).
Tá meas mór ar an Late Late in Éirinn sa lá atá inniu ann. 'Sé an seó comhrá is fadmharthanaí ar domhan inniu.
Stair
cuir in eagarCraoladh an Late Late Show don chéad uair riamh ar 6 Iúil 1962, le Gay Byrne mar fhear an tí.[3] Ag an am sin, bhí sé ar siúl gach Satharn. Clár conspóideach a bhí ann sna luath-laethanta agus Gay Byrne mar láithreoir. D’éirigh le "GayBo" an tsuáilce agus an duáilce a chniotáil le chéile. Ba chlár é a gcaití féachaint air óir gur rímhinic a d’eascair allagar na seachtaine as. Ba mhinic breis agus milliún daoine ag féachaint ar gclár.
D’éirigh le láithreoir nua, Ryan Tubridy, in 2009 breis agus 1.6 milliún duine a mhealladh. Ach sa bhliain 2023, ní raibh uaireanta ach 400,000 duine ag féachaint ar an gclár agus d'éirigh sé as a phost.[2]
Ceapadh Patrick Kielty mar láithreoir agus chuir sé tús le séasúr nua ar 15 Meán Fómhair 2023.[4][5]
Conspóidí
cuir in eagar- Ann Lovett, 1984: Cailleadh an ghirseach ar 31 Eanáir 1984. Ba ea Gay Byrne ar an The Late Late Show a d’aimsigh an nuacht ar dtús. "Nothing terribly exciting there", a dúirt sé, agus é ag athbhreithniú na nuachtán.[6] Ach bhain bás an déagóra croitheadh as pobal na hÉireann na laethanta ina dhiaidh.
Láithreoirí
cuir in eagarLáithreoir | Ó | Go | ||
---|---|---|---|---|
Dáta | Aois | Dáta | Aois | |
Gay Byrne | 6 Iúil 1962 | 27 | 30 Bealtaine 1964 | 29 |
Frank Hall | 19 Meán Fómhair 1964 | 43 | 19 Nollaig 1964 | 43 |
Gay Byrne | 2 Eanáir 1965 | 30 | 21 Bealtaine 1999 | 64 |
Pat Kenny | 10 Meán Fómhair 1999 | 51 | 29 Bealtaine 2009 | 61 |
Ryan Tubridy | 4 Meán Fómhair 2009 | 36 | Bealtaine 2023 | 49 |
Patrick Kielty | 15 Meán Fómhair 2023 | 52 |
Féach freisin
cuir in eagarNaisc sheachtracha
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ RTÉ. "Late Late" (en). RTÉ Archives. Dáta rochtana: 2020-07-06.
- ↑ 2.0 2.1 Breandán M Mac Gearailt (Márta 24 2023). "Dúléim na guaise le tabhairt ag an Late Late Show" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-03-28.
- ↑ "To whom it concerns: Remembering Gay Byrne" (as en) (2019-11-18).
- ↑ Ar dhuine de na haíonna a bhí ar an gclár bhí iar-Uachtarán na hÉireann, Máire Mhic Ghiolla Íosa.
- ↑ Nuacht RTÉ (2023-09-16). "Patrick Kielty i ndiaidh a chéad 'Late Late' a láithriú" (as ga).
- ↑ Donal O'Keeffe (2016-04-07). "Our story is still in the making and Ireland needs to start trusting women" (en-GB). The Avondhu Newspaper. Dáta rochtana: 2023-12-04.