Banna rac-cheoil as an gCabhán ab ea The Strypes a bunaíodh in 2010 le foireann Ross Farrelly (príomhamhránaí/orgán béil), Josh McClorey (príomhghiotáraí/fonnadóireacht taca), Peter O’Hanlon (dordghiotáraí/orgán béil) agus Evan Walsh (drumadóir). Sheinn an banna go háitiúil sa Chabhán agus baill éagsúla an bhanna ag malartú páirteanna, ag cuardach a bhfuaim phearsanta. Fuair siad inspioráid ó bhannaí gormacha na 1960idí agus bannaí rac tábhairne na 1970idí ar nós Dr. Feelgood, Eddie and the Hot Rods, The Rolling Stones, The Yardbirds, Lew Lewis agus Rockpile chomh maith leis na fíorcheoltóirí gormacha agus rac-cheoil ar nós Chuck Berry, Bo Diddley, Howlin’ Wolf agus Little Walter. Tar éis roinnt míonna ag gigeáil timpeall a mbaile dúchais, thosaigh an banna ag imirt i gclubanna agus i dtithe tábhairne ar fud na hÉireann, ag seinm meascáin de cheol dá gcuid féin agus seanamhrán rithim agus gormacha.

Bosca Sonraí EagraíochtaThe Strypes
lang=ga
Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Cineálbanna ceoil Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlí
Dáta a bunaíodh2008, An Cabhán Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Tréimhse oibre2010 –  2018
Lipéad ceoilVirgin EMI Records Cuir in eagar ar Wikidata
SeánraNa gormacha Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáinbmg.com… Cuir in eagar ar Wikidata
Facebook: TheStrypes Twitter: The_Strypes Instagram: thestrypesofficial Souncloud: the-strypes Spotify: 2sShFUqcFIAZGqagNYy4om Musicbrainz: bb47c3a3-eb2c-431f-8d29-8c3e4ee86e15 Songkick: 4915163 Discogs: 2935099 Allmusic: mn0002677397 Cuir in eagar ar Wikidata

Chuir an banna a chéad EP amach i mí Aibreáin 2012, darb ainm Young, Gifted & Blue, agus d'éirigh go maith leis, ag baint barr na gcairteacha iTunes amach sa chatagóir Gormacha. Tar éis dóibh síniú le lipéad ceoil Elton John, d’eisigh an banna a chéad LP Snapshot in 2013, rud a tharraing clú náisiúnta orthu. Bhain an banna cáil amach freisin as a gcuid seónna beo den chéad scoth, agus thacaigh siad le healaíontóirí ar nós na Arctic Monkeys, Johnny Marr, agus Paul Weller ar camchuairt.

Chuireadar a ndara albam amach, Little Victories, sa bhliain 2015, ach bhí idir mholadh agus cháineadh sna léirmheasanna i gcomparáid le Young, Gifted & Blue, mar gheall ar a stíl indie. Chuaigh siad ar camchuairt dhomhanda chun tacú leis an albam.

D'eisigh an banna Spitting Image in 2017, a fuair ardmholadh ó na léirmheastóirí cé nár éirigh go maith leis ó thaobh díolacháin.

D'fhógair an banna a scoilt ar na meáin shóisialta i mí na Samhna 2018. Tá baill an bhanna fós gníomhach; thosaigh Josh McClorey amach mar ealaíontóir aonair, agus bhunaigh O'Hanlon, Walsh agus Farrelly banna indie The Zen Arcade.

Tagairtí cuir in eagar