Thomas Picton
Oifigeach d'Arm na Breataine a throid i gCogaí Napoléonacha ab ea an Leifteanantghinearál Sir Thomas Picton (24 Lúnasa 1758 – 18 Meitheamh 1815). Dar leis an staraí Alessandro Barbero, bhí “meas ar Phicton as a mhisneach agus bhí faitíos air mar gheall ar a mheon do-sheachanta”. (Béarla; "respected for his courage and feared for his irascible temperament" ) Thug an Diúc Wellington "a rough foul-mouthed devil as ever lived", air, ach fós féin shíl sé go raibh sé cumasach.
Thomas Picton | |||
---|---|---|---|
![]() | |||
| |||
Saol | |||
Eolas breithe | Hwlffordd, 24 Lúnasa 1758 | ||
Náisiúntacht | An Bhreatain Bheag Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus na hÉireann | ||
Bás | Cath Waterloo, 18 Meitheamh 1815 | ||
Cúis bháis | (maraíodh i gcomhrac) | ||
Muintir | |||
Athair | Thomas Picton | ||
Máthair | Cecil Powell | ||
Oideachas | |||
Alma mater | Haverfordwest Grammar School (en) ![]() | ||
Teangacha | an Béarla | ||
Gairm | |||
Gairm | oifigeach míleata agus polaiteoir | ||
Áit oibre | Londain | ||
Duaiseanna | |||
Seirbhís mhíleata | |||
Brainse míleata | Arm na Breataine | ||
Céim | oifigeach coitianta leifteanant-ghinearál | ||
Throid sé/sí ag | French Revolutionary Wars (en) ![]() Cogaí Napoléon |
Tharraing aird an phobail air ar dtús mar gheall ar a chruálacht líomhnaithe le linn dó a bheith ina ghobharnóir ar Oileán na Tríonóide (1797–1803), agus cuireadh ar a thriail i Sasana é dá bharr sin ar chéasadh neamhdhleathach Luisa Calderón, cailín 14 bliana d'aois a cheadú. [1] Cé gur ciontaíodh Picton ar dtús, cuireadh an ciontú ar ceal ina dhiaidh sin agus Picton ag maíomh go raibh Oileán na Tríonóide faoi réir dhlí na Spáinne le linn an ama sin, rud a cheadaigh úsáid an chéasta. [2] Lean an chonspóid faoin gcéasadh agus faoi ról Phicton i dtrádáil na sclábhaithe coilíneacha. Sa bhliain 2020, vótáil Comhairle Caerdydd chun dealbh Phicton a bhaint as an gailearaí "Laochra na Breataine Bige" i Halla na Cathrach, Caerdydd. [3] Sa bhliain 2022, d’aistrigh Ard-Mhúsaem i gCaerdydd portráid Phicton óna gailearaí “Oriel Wynebau Cymru" (Gaeilge:Aghaidheanna na Breataine Bige ) go dtí taobhsheomra, in éineacht le cur síos ar an gcaoi ar chaith sé go brúidiúil le muintir na Tríonóide. [4]
Cuimhnítear go príomha ar Phicton mar gheall ar a ghníomharthar faoi Wellington i gCogadh Saoirse na Spáinne 1807-1814, nuair a throid sé i go leor comhrac, ag taispeáint crógacht agus diongbháilteacht mhór. Maraíodh é sa bhliain 1815 agus é ag troid ag Cath Waterloo, le linn ruathair ríthábhachtaigh bheaignite inar chuir a rannán stop le hionsaí chór Erlon ar lár na gcomhghuaillithe ar chlé. Ba é an t-oifigeach is sinsearaí é a fuair bás ag Waterloo. Bhí sé ina Fheisire Parlaiminte tráth a bháis.
LuathshaolCuir in Eagar
- ↑ “What to do about Thomas Picton?”. museum.wales. Wales Museum. Dáta rochtana: 25 June 2020.
- ↑ Prior (2015-06-18). "Waterloo's hero and villain" (en-GB). BBC News. Dáta rochtana: 2020-08-02.
- ↑ “Statue of slave owner Thomas Picton to be removed from Cardiff City Hall”. BBC (23 July 2020). Dáta rochtana: 25 July 2020.
- ↑ "Portrait of tyrant Thomas Picton moved to side room in Welsh museum". The Guardian (1 August 2022).