Athraíonn aeráid an Domhain go hascalach thar na haoiseanna le gluaiseacht chun tosaigh is cúlú na n-oighearshruthanna. Ó aois go haois tarlaíonn oighearaoiseanna, le tréimhsí idiroighreacha (mar atá anois ann) eatarthu ina mbíonn an aeráid te go leor, le difríocht de chúpla chéim i meánteocht an Domhain. Mar thoradh ar na fo-thimthriallta i bhfithis, claonadh is luainíocht an Domhain thart ar a ais a tharlaíonn na feiniméin shuntasacha seo, meastar.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Timthriallta oighir". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 662.