Tiobraid Árann Theas (Dáilcheantar)

Iar-Dháilcheantar (1948-2016)

Is toghcheantar parlaiminte suite i bPoblacht na hÉireann é Tiobraid Árann Theas . Is Dáilcheantar 3 suíochán é seo. In 2024, bhí Tiobraid Árann roinnte ina dhá dháilcheantar trí shuíochán. Dáilcheantar cúig shuíochán a bhí ann in 2020.

Bosca Geografaíocht PholaitiúilTiobraid Árann Theas

Suíomh
Stát ceannasachÉire
Cúige ÉireannachCúige Mumhan
Iaraonán críochach riaracháinContae Thiobraid Árann Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí stairiúla
Cruthú1948
Díscaoileadh2016

Toghcháin

cuir in eagar

Bhí Tiobraid Árann Theas ina dháilcheantar as féin in 2011. Ba é Séamas Healy (WUA), Workers and Unemployed Action), a fuair an chéad suíochán i dTiobraid Árann Theas in 2011, suíochán a bhuaigh sé in 2016 ach theip air é a fháil in 2020. D'éirigh le Fine Gael suíochán a fháil in 2011 i dTiobraid Árann Theas nuair a toghadh Tom Hayes. [1]

In 2007 a toghadh Mattie McGrath den chéad uair dó Fianna Fáil. D'fhág sé an páirtí mar nach nglacfadh Ardoifig an pháirtí leis mar iarrthóir agus toghadh é mar Neamhspleách in 2011. Dá mhéad magadh a dhéantar faoi Mhattie McGrath (Nspl) sna meáin náisiúnta is ea is mó a thacaíocht i measc a mhuintire i ndeisceart Thiobraid Árann.As an gCaisleán Nua atá Mattie McGrath, ceantar a bhí aitheanta mar Bhreac-Ghaeltacht suas go dtí 1956. Tá smeadar Gaeilge ag Mattie McGrath.[2]

2020

Fuair Martin Brown (SF) suíochán do Shinn Féin. Bhí vóta ard céadrogha aige – 10,004 – agus fuair sé 2,082 vótaí aistrithe ó Shéamas Healy (WUA) agus bhí an an tríú suíochán as na cúig shuíochán aige dá bharr.[3]

2024

Bhí dháréag iarrthóirí san iomaíocht in 2024, agus bhí triúr le toghadh. .

Féach freisin

cuir in eagar
  1. Donncha Ó hÉallaithe (21 Samhain 2024). "Seans ag Sinn Féin ar shuíochán breise agus Alan Kelly Pháirtí an Lucht Oibre i mbaol" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-11-23.
  2. Donncha Ó hÉallaithe (21 Samhain 2024). "Seans ag Sinn Féin ar shuíochán breise agus Alan Kelly Pháirtí an Lucht Oibre i mbaol" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-11-23.
  3. Donncha Ó hÉallaithe (21 Samhain 2024). "Seans ag Sinn Féin ar shuíochán breise agus Alan Kelly Pháirtí an Lucht Oibre i mbaol" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-11-23.