Tomás Ó Cléirigh
Réabhlóidí Éireannach ba ea Tomás Séamus Ó Cléirigh (11 Márta 1857 - 3 Bealtaine 1916), nó Thomas James Clarke as Béarla.
Ainm sa teanga dhúchais | (ga) Tomás Séamus Ó Cléirigh |
---|---|
Beathaisnéis | |
Breith | 11 Márta 1857 Inis Iocht, England |
Bás | 3 Bealtaine 1916 59 bliana d'aois Baile Átha Cliath |
Siocair bháis | Pionós an bháis (Tráma balaistíoch) |
Áit adhlactha | Reilig Mhíleata Chnoc an Arbhair |
Gníomhaíocht | |
Gairm | réabhlóidí, polaiteoir |
Ball de | |
Teaghlach | |
Céile | Kathleen Clarke |
Bhunaigh sé an Chomhairle Mhíleata a cheap Éirí Amach na Cásca.[1] Dar le go leor daoine ba eisean ba mhó a chuir dlús le hÉirí Amach na Cásca a bheartú agus a chur i gcrích, agus é ar an chéad cheannaire a shínigh Forógra na Poblachta. Chreid sé go hiomlán gur le lámh láidir amháin a bhrisfí an nasc leis an mBreatain, agus chaith sé cúig bliana déag dá shaol faoi ghlas dá bharr.
Tús a shaoil
cuir in eagarRugadh Tomás Ó Cléirigh ar Inis Iocht, áit ina raibh a athair lonnaithe mar shaighdiúir in Arm na Breataine.[1] Éireannaigh ó dhúchas a bhí ina thuismitheoirí James Clarke ó Charraig Álainn i gContae Liatroma agus Mary Palmer ó Chontae Thiobraid Árainn. Aistríodh an chlann chuig an Afraic Theas agus é ina bhuachaill aon bhliain d'aois. Níor fhilleadar ar Éirinn go dtí go raibh seacht mbliana slánaithe ag Tomás, agus d'fhás sé aníos i nDún Geanainn, Contae Thír Eoghain.
Baile a bhí i lár an aonaigh ó thaobh cur in aghaidh na Breataine leis na gcianta a bhí in nDún Geanainn, agus lorg an Ghorta Mhóir fágtha fós go tréan air. Bhíodh na hÉireannaigh Aontaithe an-ghníomhach sa cheantar, agus na Fíníní ag teacht sna sála orthu. Níorbh fhada go músclaíodh a chuid suime sa pholaitíocht agus i gcúrsaí talún. Agus an aois cheart bainte amach aige, chuaigh sé isteach i Bráithreachas na Poblachta gan mhoill.
Bráithreachas na Poblachta
cuir in eagarCumann rúnda a bhí sa Bhráithreachas, agus é meáite ar leas a bhaint as foréigean chun riail na Breataine a chuir ar neamhní agus poblacht Éireannach a bhunú ina áit. Tháinig eagraí náisiúnta an chumainn John Daly ar chruinniú i nDún Geanainn, agus b'ann a bhuail an Cléireach leis don chéad uair. Chuaigh Daly agus a chuid smaointí go mór i bhfeidhm air, agus rinneadh ball den Bhráithreachas de tamall gearr ina dhiaidh. Faoi na 1870idí, ball dílis agus daingnithe go smior a bhí sa Chléireach agus áit glactha aige i gcroílár ghníomhaí an chumainn.
Sa bhliain 1880, bhris caismirtí amach idir mhuintir Dhún Geanainn agus na póilíní. Déanadh ionsaí ar an gconstáblacht, tar éis don Cléireach piléar a chaitheamh ina dtreo lena raidhfil. Agus na húdaráis sa tóir air, b'éigean dó teitheadh thar sáile ar mhaithe lena shábháilteacht. Bhíodh cairde dá chuid ag tabhairt aghaidh ar Mheiriceá, agus shocraigh sé taisteal in éineacht leo.
Shroich sé Nua-Eabhrac agus an bhliain ag druidim chun deiridh agus é dhá bhliain is fichead d'aois. Tháinig sé ar phost mar ghiolla óstáin gan mhoill ar bith agus - i bhfad níos tábhachtaí - chuaigh sé i dteagmháil le Clann na nGael, craobh Mheiriceánach na bhFíníní. Chuir an ceangal a d’fhorbair an Cléireach le Clan na nGael, fad is a bhí sé ina chónaí i Meiriceá, go mór leis an ról lárnach a bhí aige i ngluaiseacht réabhlóideach na hÉireann níos déanaí.
Sa bhliain 1883, seoladh chun Londain é ar fheachtas buamála. Ach rugadh san ócáid air. Gearradh cúig bliana déag de dhaorphionós air, faoi go raibh sé bainteach le hiarrachtaí Sasana a bhuamáil.[1] D'éirigh sé ina cause celebre in Éirinn, agus John Redmond fiú ag iarraidh trócaire dó. Chaith sé cúig bhliana déag i bPriosún Pentonville agus priosúin eile i Sasana, ó 1883 go 1898,
Chuaigh sé ar imirce go dtí na Stáit Aontaithe sa bhliain 1901. Phós sé Kathleen Daly ar 16 Iúil 1901 i Nua Eabhrac, éadaitheoir agus bean gnó as Luimneach
Óglaigh na hÉireann
cuir in eagarThacaigh an Cléireach go mór le bunú Óglach na hÉireann sa bhliain 1913, ach ní raibh baint ar baint leo ós rud é gur coirpeach agus náisiúnaí d'ard-cháil a bhí ann, rud a thabharfadh mí-cháil ar na hÓglaigh. Anuas ar sin, is follasach go mbeadh an-tionchar ag baill shuntasacha an Bhráithreachais amhail Mac Piaras, Mac Diarmada agus Hobson orthu, agus iad i lár bhaill fud fad na heagraíochta.
An tÉirí Amach
cuir in eagarBhí Ó Cléirigh ina bhall den Chomhairle Mhíleata a bheartaigh Éirí Amach na Cásca agus bhí seisean ar dualgas i gceanncheathrú an éirí amach in Ardoifig an Phoist le linn na seachtaine.
Throid sé cliathánach le hArm Cathartha na hÉireann, faoi cheannas Shéamuis Uí Chonghaile. Cé nach raibh céim mhíleata oifigiúil d'aon saghas aige, bhí sé aitheanta mar dguine de cheannasaithe an gharastúin siúd, agus bhí ról suntasach aige sa troid.
Gabhadh eisean agus na ceannairí eile tar éis ghéilleadh na bhfórsaí ar an 29 Aibreáin agus cuireadh faoi ghlas i bPríosún Chill Mhaighneann iad.
Cuireadh chun báis é os comhair scuad lámhaigh ar an 3ú Bealtaine 1916. Ba eisean an dara duine a chun aghaidh a thabhairt ar an scuad lámhaigh, tar éis an Phiarsaigh.
Oidhreacht
cuir in eagarTá lorg an Chléirigh fágtha go tréan ar an dtír:
- Bhí Túr Thomáis Uí Chléirigh ar cheann de thúir Bhaile Munna, a leagadh chun talamh sa bhliain 2008
- Athainmníodh stáisiún traenach Dhún Dhealgán in ómós dó ar an 10 Aibreán 1966, chun a ról san éirí amach a chomóradh
- Bhí íomhá de ar stampaí sa bhliain chéanna 1966
- Tá cumann de chuid CLG ina bhaile dúchais Dún Geanainn ainmnithe as - Dún Geanainn Thomáis Uí Cleirigh
- Tugtar Cumann Thomáis Uí Chléirigh i nDún Geanainn ar chumann sa bhaile siúd a dhéanann comóradh ar an éirí amach
Teachta Dála a bhí ina bhean, Caitlín Bean Uí Chléirigh, sa Dara Dáil inar chuir sí in aghaidh an Chonartha Angla-Éireannaigh.
Féach freisin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ 1.0 1.1 1.2 Ireland 2016 ireland2016.gov.ie (2018-03-06). "Thomas James Clarke". web.archive.org. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2018-03-06. Dáta rochtana: 2021-07-09.