Caitlín Bean Uí Chléirigh

polaiteoir Éireannach

Polaiteoir Éireannach agus gníomhaí Poblachtánach ab ea Caitlín Bean Uí ChléirighKathleen Clarke (11 Aibreán 1878 - 29 Meán Fómhair 1972), a bhí ina leasuachtarán ar Chumann na mBan sna 1910idí. Bhí sí ina ball de Shinn Féin ar dtús agus ansin Fianna Fáil.[1]

Infotaula de personaCaitlín Bean Uí Chléirigh

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith11 Aibreán 1878
Luimneach, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Bás29 Meán Fómhair 1972
94 bliana d'aois
Learpholl, England Cuir in eagar ar Wikidata
Áit adhlacthaReilig Ghráinseach an Déin Cuir in eagar ar Wikidata
Seanadóir na hÉireann
6 Nollaig 1928 – 19 Bealtaine 1936
Téarma parlaiminte: 1ú suí de Sheanad Éireann

Teachta Dála
23 Meitheamh 1927 – 16 Lúnasa 1927 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 5ú Dáil


Teachta Dála
16 Lúnasa 1921 – 8 Meitheamh 1922 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 2ú Dáil


Gníomhaíocht
Gairmpolaiteoir Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaFianna Fáil Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla
Teaghlach
CéileTomás Ó Cléirigh Cuir in eagar ar Wikidata
Kathleen Clarke, 1900
1923

Éadaitheoir agus bean gnó i Luimneach, lean Kathleen Daly a fiancé, Tom Clarke, go dtí na Stáit Aontaithe sa bhliain 1901. Phós siad ar 16 Iúil 1901 i Nua Eabhrac

Ar ais in Éirinn, cuireadh sa phríosún í i ndiaidh Éirí Amach 1916 agus cuireadh chun báis a fear céile agus a deartháir Edward Daly.[2]

Toghadh chun na Dála í sa bhliain 1921, áit ar chaith sí vóta in aghaidh an Chonartha.

Ainmníodh í chuig an gCéad Seanad sa bhliain 1928 mar bhall d’Fhianna Fáil, agus chuir sí in aghaidh alt sa Bhille um Choinníollacha Fostaíochta 1935 a chuir cosc ar mhná post a ghlacadh i dtionscail áirithe. Dhiúltaigh Clarke glacadh leis an gcomhaontú go dtiocfadh laghdú ar phá na bhfear de bharr “pá comhionann as obair chomhionann”.

Sa bhliain 1939, bhí sí ar an gcéad bhean chun bheith ina hArd-Mhéara ar Bhaile Átha Cliath.[2]

Féach freisin

cuir in eagar
  1. "Clarke, Kathleen (Caitlín Bean Uí Chléirigh) | Dictionary of Irish Biography" (en). www.dib.ie. Dáta rochtana: 2023-07-23.
  2. 2.0 2.1 Tithe an Oireachtais (2022-09-22). "Seanad100 – Tithe an Oireachtais" (ga). www.oireachtas.ie. Dáta rochtana: 2023-07-23.