Is tonn an feiniméan nuair a fhorleathann fuinneamh trí bhíthin creathanna, mar a tharlaíonn le fuaim is tonnta raidió. I bhfisic chandamach, tairgtear go bhfuil airíonna toinne ag cáithníní fonúicléacha is airíonna cáithníní ag fótóin thonnacha. An déacht toinne is cáithnín a thugtar ar an bhfeiniméan seo, agus is léargas bunúsach í ar nádúr an damhna. Eiseamláir gharbh chomónta den fheiniméan seo is ea an chaoi ar leor dá lán feidhmeanna solas a láimhseáil mar cháithníní (optaic gheoiméadrach), ach gur gá a nádúr tonnach a chur san áireamh i gcás a lán eile dá airíonna (optaic fhisiciúil).[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Tonnteoiric". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 670.