Torlach Mac Con Midhe
Is scríbhneoir agus iriseoir Éireannach é Torlach Mac Con Midhe a rugadh i mBaile Átha Cliath.[1] Chaith sé a laethanta saoire mar pháiste i nDoire Colmcille agus i dTír Chonaill, dúchas muintir a mháthar, muintir Uí Chreag (ceannródaí i ngluaiseacht na Gaeilge ab ea a sheanuncail, Séamus Ó Creag[2]). Chuaigh sé ar scoil leis na hÍosánaigh i gColáiste Belvedere i mBÁC. Ghnóthaigh sé céim i dteangacha i gColáiste na hOllscoile Baile Átha Cliath. Rinne sé staidéar iarchéime ar theangeolaíocht ag Ollscoil Simon Fraser i gCeanada, áit ar bhronnadh Ph.D. air i 1982 de bharr tráchtais ar stair na teangeolaíochta. Tá leabhair agus ailt idir léannta agus eile foilsithe aige i nGaeilge, i bhFraincis, i nGearmáinis agus i Rómainis na hEilvéise.
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | Baile Átha Cliath |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath Ollscoil Simon Fraser Coláiste Belvedere |
Gníomhaíocht | |
Gairm | iriseoir, scríbhneoir |
Teangacha | An Ghaeilge |
Tá sé ina chónaí in Chur na hEilvéise agus é ina iriseoir agus ina scríbhneoir saor. Scríobhadh sé don Irish Times agus do La Quotidiana (nuachtán lae na Rómainise).
Saothar
cuir in eagarTá sé leabhar neamhfhicsin foilsithe aige:
- Iarsmaí na Teanga: Na Teangacha Ceilteacha i Stair Smaointeachas na hEorpa (Coiscéim 2005),
- Muintir Sléibhe agus a Teanga: lucht na Rómainise san Eilvéis (Coiscéim 2009)
- Aistí Eorpacha (Coiscéim 2015)[1]
- Aistí Eorpacha 2 (Coiscéim 2021).
- Aigéan Eile (Coiscéim 2023). Tá suíomh Idirlín (á thógáil faoi láthair) ag an leabhar seo, ina léirítear lámhscríbhinn an údair mar aiste pheannaireachta Gaeilge[3].
- Aistí Eorpacha 3 (Coiscéim 2024). Tá suíomh Idirlín ag an tsraith leabhar seo[4].
Tá úrscéal faoin réamhstair foilsithe aige freisin: Crothla agus Cnámha (Coiscéim 2018). Tá suíomh Idirlín ag an leabhar seo[5].
Tá podchraoltaí, dánta agus ábhar eile uaidh le cloisteáil ar chainéal YouTube Thorlaigh Mhic Con Midhe.
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ 1.0 1.1 http://www.coisceim.ie/aistieorpacha.html
- ↑ "Ó CREAG, Séamus (1863–1934)" (ga). ainm.ie. Dáta rochtana: 2021-02-08.
- ↑ "Aigéan Eile". Dáta rochtana: 18.08.2024.
- ↑ "Aistí Eorpacha" (ga). Aistí Eorpacha. Dáta rochtana: 2020-09-21.
- ↑ "Crothla agus Cnámha" (ga). Crothla agus Cnámha. Dáta rochtana: 2019-02-05.