Sa tsíceolaíocht, trialacha conspóideacha chun pearsantacht duine a mheasúnú. Cuirtear ábhar doiléir, athbhríoch nó neamhstruchtúrtha os comhair duine, agus iarrtar air cur síos ar cad a fheiceann sé. Ceaptar go léiríonn na tuairiscí seo go neamh-chomhfhiosach tréithe meabhracha an duine, ach ar an drochuair, braitheann na freagraí ar fhonn an duine agus ar eachtraí a tharla dó le déanaí. Triail cháiliúil mar seo is ea teicníocht sícidiagnóise Rohrschach, ina gcuirtear 10 smál dúigh siméadrach déthaobhach os comhair duine. Tá trialacha eile ann ina gcumann duine scéalta mar gheall ar phictiúir nó a gcríochnaíonn sé abairtí.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Trialacha teilgeacha". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 677.